Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Leamhlabhair S15/16

1.4 Conas iarratas um SF a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin

Ba chóir iarratais tosaigh ar fhaisnéis faoi alt 7 de na hAchtanna um SF a chur chuig:

An tUas. Brian McKevitt,
Príomhoifigeach Cúnta,
Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.

Féadfar iarratas ar fhaisnéis a dhéanamh i scríbhinn nó go leictreonach. Ba chóir don iarrthóir:

1. A rá go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na hAchtanna um SF;

2. Leordhóthain mhionsonraí a leagan amach ionas go mbeifear in ann an taifead/na taifid a aithint;

3. An bealach is fearr leis an iarrthóir le teacht ar an bhfaisnéis a shonrú, más amhlaidh gur fearr leis nó léi bealach amháin thar bhealach eile (m.sh. fótachóip, diosca);

4. An táille ceart a chur isteach agus é scríofa le bheith iníoctha leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Ní bhíonn táille le híoc:

  • sa chás nach bhfuil sna taifid arna n-iarraidh ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarratasóir
  • sa chás go bhfuil iarratas á dhéanamh ag duine go leasófaí taifead pearsanta; nó
  • sa chás go bhfuil duine ag iarraidh faisnéise maidir le gníomh comhlachta poiblí lena ndéantar difear don duine sin.  

Bíonn táille  €15 infheidhmithe le haghaidh faisnéise eile (neamhphearsanta) i leith an costas leis an taifead arna iarraidh a fháil agus a chóipeáil. Bíonn táille laghdaithe €10 infheidhmithe i gcás sealbhóra cárta leighis.

Soláthraítear foirm le hiarratas a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um SF ag Aguisín 1 a ghabhann leis an lámhleabhar seo. Bíonn an fhoirm seo ar fáil ar iarratas ón Rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeain. Is féidir é a íoschóipeáil freisin ó rannán na bhfoirmeacha ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin (www.sipo.gov.ie).

Admháilfear go bhfuarthas iarratas faoi cheann dhá sheachtain ón trath a fhaightear é. Déanfar cinneadh le hiarratas a dheonú nó a dhiúltú faoi cheann ceithre seachtaine ón trath a fhaightear an t-iarratas. Tá roinnt cúinsí teoranta ann ina bhféadfaidh an tréimhse le haghaidh cinnidh dheiridh a bheith níos faide ná ceithre seachtaine. Má tharlaíonn sé seo, cuirfear sin in iúl don iarrthóir i scríbhinn go pras.

Athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar chinneadh arna dhéanamh faoi na hAchtanna um SF (lena n-áirítear mionsonraí ar tháillí)

Forálann na hAchtanna um SF le haghaidh ceart ar athbhreithniú, agus ina dhiaidh sin, ceart ar achomharc, sa chás gur diúltaíodh d’iarratas ar fhaisnéis a scaoileadh nó nár deonaíodh ach cuid den iarratas. Bíonn an ceart ar athbhreithniú agus achomharc infheidhmithe i ndáil le leibhéil na dtáillí a ghearrtar freisin, i ndáil leis an bhformáid ina bhfuil an t-iarratas á chomhlíonadh (m.sh. is mian leis an iarrthóir go mbeidh an fhaisnéis ar dhiscéad ríomhaire agus déanann an comhlacht cinneadh é a sholáthar mar fhótachóip ina áit sin) nó sa chás gur cuireadh rochtain ar athló.

Féadfaidh iarrthóir athbhreithniú a lorg ar chinneadh tosaigh, a dhéanfar go hinmheánach ag oifigeach ar leibhéal níos airde, más rud é:

  • go mbíonn an t-iarrthóir míshásta leis an bhfreagairt tosaigh a fuarthas .i. gur diúltaíodh d’iarratas, bealach na rochtana, táillí nó
  • nach bhfuil freagra faighte ag an iarrthóir faoi cheann ceithre seachtaine ó thráth an iarratais tosaigh (meastar gurb ionann seo agus diúltú don iarratas agus tugann sé cead don iarrthóir dul ar aghaidh go dtí athbhreithniú inmheánach).

Ba chóir iarratas ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh, i scríbhinn, chuig:

An tUas. David Waddell,
Rúnaí,
Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.

Ní mór iarratas ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh faoi cheann ceithre seachtaine ó thráth an chinnidh tosaigh. Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin an t-athbhreithniú inmheánach a chur i gcrích faoi cheann trí seachtaine ansin. Tagann athbhreithniú inmheánach roimh achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise de ghnáth.

Ní mór táille €75 a bheith in éineacht le hiarratais ar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh comhlachta poiblí (bíonn táille laghdaithe €25 infheidhmithe i gcás sealbhóirí cártaí leighis nó a gcleithiúnaithe). Ní ghearrtar aon táille ar athbhreithniú inmheánach ar iarratais a bhaineann le:

  • taifid nach bhfuil iontu ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarratasóir;
  • cinneadh le táille nó éarlais a ghearradh;
  • cinntí ar measadh gur diúltaíodh dóibh toisc nár tugadh freagra ar an iarratas tosaigh laistigh de na teorainneacha riachtanacha ama;
  • cinntí i ndáil leis an gceart go leasófaí faisnéis phearsanta;
  • cinntí maidir le faisnéis ar ghníomhartha comhlachtaí poiblí lena ndéantar difear don iarratasóir.

Athbhreithniú a iarraidh ar an gCoimisinéir Faisnéise ar chinneadh arna dhéanamh tar éis athbhreithnithe inmheánaigh (lena n-áirítear mionsonraí ar tháillí)

Féadtar cinntí arna dtabhairt ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ag céim an athbhreithnithe a achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise agus ina dhiaidh sin, ar phointe dlí, chuig an Ard-Chúirt. Tá Oifig an Choimisinéara Faisnise lonnaithe ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.  Tá an Coimisinéir Faisnéise, Emily O'Reilly, Uas., ina comhalta den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí freisin. Sa chás go gcuirtear iarratas um SF a bhaineann leis an gCoimisiún um Chaighdeáin ar aghaidh chuig an gCoimisinéir Faisnéise ar achomharc, féadfaidh sí, sna cúinsí, breithniú an cháis a tharmligean chuig ball d’fhoireann Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Bíonn táille iarratais caighdeánach €150 infheidhmithe freisin sa chás go sonraítear aninfheidhmithe i leith iarratas ar athbhreithniú leis an gCoimisinéir Faisnéise. Bíonn táille laghdaithe €infheidhmithe i gcás sealbhóirí cártaí leighis agus a gcleithiúnaithe. Bíonn táille €50 infheidhmithe freisin sa chás go sonraítear an t-iarratasóir in alt 29(2) de na hAchtanna um SF, .i. tríú páirtí a bhfuil cead aige achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise go díreach, sa chás go gcinneann comhlacht poiblí a fhaisnéis a scaoileadh ar an ábhar gur ar mhaithe le leas an phobail amhlaidh a dhéanamh.

Ní bhíonn táillí infheidhmithe i ndáil le hiarratais a bhaineann le:

  • taifid nach bhfuil ach faisnéis phearsanta iontu a bhaineann leis an iarratasóir;
  • cinntí i ndáil leis an gceart go leasófaí taifid a bhaineann le faisnéis phearsanta;
  • cinntí maidir le faisnéis ar ghníomhartha comhlachtaí poiblí lena ndéantar difear don iarratasóir;
  • cinneadh táille nó éarlais os cionn €25 a ghearradh faoi alt 47 as taifid a fháil agus a chóipeáil;
  • cinneadh le táille a ghearradh ar an mbonn nach bhfuil sna taifid ach faisnéis phearsanta ar an iarratas nó ar an mbonn nach sealbhóir cárta leighis é an t-iarratasóir nó cleithiúnaí sealbhóra cárta leighis;
  • achomharc ar an ábhar nach ndearnadh cinneadh i leith athbhreithnithe laistigh de na teorainneacha riachtanacha ama.

Táillí as taifid a chuardach, a fháil agus a chóipeáil

Féadfaidh táillí a bheith infheidhmithe, mar seo a leanas, i ndáil leis an gcostas a bhaineann le taifid a chuardach agus a fháil agus a chóipeáil:

- uastáille €20.95 in aghaidh na huaire as taifid, a ndeonaítear do dhuine go bhféadfaidh sé nó sí teacht air, a chuardach agus a fháil;
- 4 cent in aghaidh na bileoige i ndáil le fótachóipeanna a sholáthar ar thaifid arna n-iarraidh;
- 51 cent i ndáil le discéad 3.5" ríomhaire (sa chás go n-iarrtar na taifid san fhormáid seo); agus
- €10.16 i ndáil le CD-ROM (sa chás go n-iarrtar na taifid san fhormáid seo).

Féadfaidh éarlais a bheith iníoctha ag an iarrthóir sa chás gur dóigh go rachaidh an táille iomlán os cionn €50.79. I gcúinsí den sórt sin, ní mór don chomhlacht poiblí, má iarrtar air, cabhrú leis an iarrthóir an t-iarratas a chur in oiriúint ionas go laghdófar nó go bhfaighfear réidh le suim na héarlaise. Ní bhíonn aon táillí infheidhmithe i leith an am a chaitheann comhlachtaí poiblí le hiarratais ar fhaisnéis a bhreithniú.

Féadfar táillí a tharscaoileadh sna cúinsí seo a leanas:

  • sa chás go rachfadh an costas leis an táille a bhailiú agus le cuntas a thabhairt ann os cionn suim an táille;
  • sa chás go mbeadh an fhaisnéis ina cúnamh ar leith le saincheist, lena mbaineann tábhacht náisiúnta, a thuiscint; nó
  • i gcás faisnéise pearsanta, sa chás nach mbeadh táillí den sórt sin réasúnach agus aird á tabhairt ar acmhainní an iarrthóra.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|