Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Leamhlabhair S15/16

1.3 Forléargas ar an reachtaíocht faoi mhaoirseacht an Choimisiúin um Chaighdeáin

Eascraíonn príomhfheidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí as na píosaí reachtaíochta seo a leanas:

(i) na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 (Acht 1995), agus an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Acht 2001), a dtagraítear dóibh le chéile mar na hAchtanna um Eitic;

(ii) na hAchtanna Toghcháin 1997 go dtí 2004 (na hAchtanna Toghcháin); agus

(iii) An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2001 (reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Páirtí).

Tá tagairtí i gcaitheamh an lámhleabhair seo do théarmaí sonracha atá sa reachtaíocht. Soláthraítear gluais ar na téarmaí seo ag deireadh gach Cuid. Sa chás go mbíonn téarma sonrach le feiceáil den chéad uair sa lámhleabhar, cuirfear chun suntais é agus é scríofa i gcló trom.

Forléargas ar Achtanna um Eitic:

Is é fócas leathan na nAchtanna um Eitic ná forálacha a dhéanamh maidir le leasanna a nochtadh, lena n-áirítear aon fhachtóirí ábhartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar Aire Rialtais nó Aire Stáit, ar Chomhalta Thithe an Oireachtais (Comhalta) nó ar fhostaí sa tseirbhís phoiblí agus a ndualgais oifigiúla á bhfeidhmiú acu. Is é príomhchuspóir na reachtaíochta ná a léiriú nach bhféachann iad siúd atá ag glacadh páirte sa saol poiblí le buntáiste pearsanta a bhaint as toradh a ghníomhartha. Chun an cuspóir seo a chomhlíonadh, tá creatlach reachtúil curtha i bhfeidhm chun an bealach a nochtaítear leasanna, a rialáil agus lena chinntiú go ndéantar bearta eile chun raon leathan na n-oibleagáidí a thagann chun cinn faoin reachtaíocht a shásamh. Tá an reachtaíocht bunaithe ar thoimhde an ionracais ach aithnítear leis gur chóir go mbeadh bearta sonracha ann le bheith mar bhonn is mar thaca go gcomhlíonfar an reachtaíocht.

Faoi na hAchtanna um Eitic, chomh maith le leasanna a nochtadh, ní mór do gach Comhalta, an tArd-Aighne agus daoine a cheaptar in oifigí sinsearacha i gcomhlachtaí poiblí, fianaise a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin go bhfuil a gceanglais chánach comhlíonta acu. Éilíonn an reachtaíocht freisin go gcuirfear cóid iompraíochta le chéile do Chomhaltaí (seachas Sealbhóirí Oifige), do Shealbhóirí Oifige (m.sh. Airí an Rialtais agus Airí Stáit) agus d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí. Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin na cóid seo.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le ceanglais na nAchtanna um Eitic i gCuid 2 den Lámhleabhar seo.

Forléargas ar na hAchtanna Toghcháin:

Is é aidhm na nAchtanna Toghcháin ná a chinntiú go mbíonn oscailteacht agus cuntasacht sna caidrimh atá idir, ar láimh amháin, páirtithe polaitíochta agus polaiteoirí aonair agus, ar an láimh eile, iad siúd a thacódh leo ó thaobh na polaitíochta, cibé trí chúnamh airgeadais nó ar bhealaí eile. Féachann an reachtaíocht le cothromas a bhaint amach sa phróiseas toghcháin freisin trí theorainn a chur ar chaiteachas ag toghcháin agus trí chóras a sholáthar trínar féidir le hiarrthóirí ag toghcháin, i gcúinsí áirithe, aisíocaíocht a fháil i speansais toghcháin. Forálann na hAchtanna Toghcháin freisin go maoineodh an Stát páirtithe polaitíochta cáilithe a fhaigheann 2% ar a laghad de na vótaí chéad rogha ag an olltoghchán Dála deiridh roimhe sin.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le ceanglais na nAchtanna Togcháin i gCuid 3 den Lámhleabhar seo.

Forléargas ar an reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Páirtí:

Forálann an reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Páirtí go n-íocfar liúntas bliantúil le ceannairí páirtithe parlaiminte cáilithe i ndáil le speansais a thagann chun cinn de bharr ghníomhaíochtaí parlaiminte, lena n-áirítear taighde, an pháirtí. Chun cáiliú d’íocaíocht, ní mór comhalta amháin nó níos mó ón bpáirtí a bheith tofa nó ainmnithe chuig Dáil nó Seanad Éireann ag nó ón olltoghchan deiridh i leith. Bíonn an tsuim a íoctar le ceannaire an pháirtí parlaiminte bunaithe ar ionadaíocht an pháirtí i nDáil agus Seanad Éireann. Laghdaítear an liúntas sa chás go ndéanann páirtí cuid den rialtas. Tá na "gníomhaíochtaí parlaiminte" a bhféadfar an maoiniúchán a fheidhmiú ina leith, leagtha amach sa reachtaíocht. Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an maoiniúchán chun críocha toghcháin nó reifrinn.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le ceanglais na Reachtaíochta um Liúntas Ceannairí Páirtí i gCuid 4 den Lámhleabhar seo.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|