Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Leamhlabhair S15/16

1.2 Struchtúr agus eagrúchán an Choimisiúin um Chaighdeáin

Tá an Coimisiún um Chaighdeáin ina chomhlacht neamhspleách a bunaíodh i mí na Nollag 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. Tháinig sé in áit an Choimisiúin um Oifigí Poiblí a bunaíodh i mí na Samhna 1995 leis an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995. (Féadfar taifid arna gcoinneáil ag an gCoimisiún um Oifigí Poiblí, atá faoi réir ag na hAchtanna um SF, a iarraidh ón gCoimisiún um Chaighdeáin). Tá an Coimisiún um Chaighdeáin lonnaithe ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Tugann Runaíocht bhuan, arna fáil ar iasacht ó Oifig an Ombudsman, tacaíocht riaracháin dó.

Tá seisear comhalta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin, mar seo a leanas:

  • An Breitheamh Onórach an tUas. Matthew P. Smith, Iarbhreitheamh leis an Ard-Chúirt, Cathaoirleach;
  • Cléireach Dháil Éireann (An tUas. Kieran Coughlan);
  • Cléireach Sheanad Éireann (Deirdre Lane, Uas.);
  • An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (An tUas. John Purcell);
  • An tOmbudsman (Emily O'Reilly, Uas);
  • An tUas. Liam Kavanagh, iarchomhalta Dháil Éireann.

Reáchtáiltear cruinnithe den Choimisiún um Chaighdeáin gach dara mí nó reáchtáiltear cruinnithe breise lena gcois de réir mar is gá. Is é an t-íoschóram le haghaidh cruinnithe den Choimisiún um Chaighdeáin ná triúr. Féadfaidh cinneadh ag cruinniú i ndáil le gnóthaí seachas imscrúdú nó aon cheist a thagann chun cinn i gcúrsa imscrúdaithe, a bheith ina chinneadh ag tromlach na gcomhaltaí atá i láthair agus atá ag vótáil ar cheist. Sa chás go dtagann an dá thaobh ar cothrom, bíonn vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe (Cathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin, mura mbíonn sé as láthair). Féadfaidh cinneadh i ndáil le himscrúdú nó aon cheist a thagann chun cinn i gcúrsa imscrúdaithe, a bheith ina chinneadh ag tromlach na gcomhaltaí.

Féadfaidh baill foirne na Rúnaíochta atá údaraithe go cuí le hamhlaidh a dhéanamh, feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin (seachas imscrúduithe) a fheidhmiú, faoina mhaoirseacht agus faoi réir ag a threoir ghinearálta. Tá an tUas. David Waddell (Imscrúdaitheoir Sinsearach) ina cheannaire ar an Rúnaíocht agus gníomhaíonn se mar Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin. Is iad baill foirne eile na Rúnaíochta ná:

  • An tUas. Paddy Walsh (Oifigeach Fiosrúchán);
  • An tUas. Aidan Moore (Oifigeach Fiosrúchán);
  • An tUas. Brian Mc Kevitt (Príomhoifigeach Cúnta agus Oifigeach um Shaoráil Faisnéise);
  • Marie Gleeson, Uas. (Ardoifigeach Feidhmiúcháin);
  • An tUas. Ray Butler (Oifigeach Feidhmiúcháin);
  • Audrey O'Reilly, Uas. (Oifigeach Feidhmiúcháin);
  • Kathleen Smyth, Uas. (Oifigeach Cléireachais);
  • An tUas. Stephen Loughman (Oifigeach Cléireachais).

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|