- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Leamhlabhair S15/16
1.1 Achtanna um Shaoráil Faisnéise
Bunaíodh trí chearta reachtúla nua leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997:
- an ceart teacht ar fhaisnéis arna coinneáil ag comhlachtaí poiblí;
- an ceart go leasófaí faisnéis phearsanta arna coinneáil ag comhlacht poiblí sa chás go bhfuil sé neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
- an ceart ar fhaisnéis maidir le gníomhartha comhlachtaí poiblí lena ndéantar difear don duine atá i gceist.
Tagann na taifid seo a leanas faoi chuimsiú raon an Achta:
- gach taifid a bhaineann le faisnéis phearsanta cuma cathain a cruthaíodh é;
- gach taifead eile arna chruthú ó dháta thosach feidhme an Achta .i. 21 Aibreán 1998;
- aon taifid eile atá riachtanach le taifead reatha a thuiscint;
- taifid phearsanra ar bhaill foirne atá ag obair, arna gcruthú ó 21 Aibreán 1995 agus iad siúd a cruthaíodh roimh an dáta sin sa chás go bhfuil úsáid á baint astu nó go bhfuil sé beartaithe úsáid a bhaint astu ar bhealach a dhéanann difear aimhleasach nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don duine atá i gceist.
Leasaíodh an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 leis an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003. Tagraítear dóibh seo le chéile i gcaitheamh an lámhleabhair thagartha seo mar na hAchtanna um SF.
Ceanglaíonn Alt 15 ar an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Oifig um Chaighdeáin) (mar chomhlacht poiblí a cuireadh san áireamh sa Chéad Sceideal a ghabhann leis na hAchtanna um SF) lámhleabhar a fhoilsiú chun éascú le daoine teacht ar fhaisnéis oifigiúil arna coinneáil aige trína struchtúr agus a eagrúchán a leagan amach chomh maith lena fheidhmeanna, a chumhachtaí agus a dhualgais, cineál na cáipéisíochta arna coinnéail aige agus an próiseas lenar féidir iarratais ar fhaisnéis a dhéanamh.
Ceanglaíonn Alt 16 ar an gCoimisiún um Chaighdeáin faisnéis a ullmhú agus a fhoilsiú maidir leis na rialacha, nósanna imeachta, cleachtais, treoirlínte, léirmhínithe agus fasaigh lenar féidir leis an bpobal a bheith ag súil faoi aon achtú nó scéim arna fheidhmiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i réimsí cinntí, cinntiúcháin nó moltaí, in éineacht le faisnéis chuí i ndáil leis an mbealach a riartar aon achtú nó scéim den sórt sin nó an bealach a bheartaítear é a riaradh.
Tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin Lámhleabhar a fhoilsiú ina gclúdófaí ailt 15 agus 16 le chéile. Tá an Lámhleabhar roinnte ina cheithre chuid mar seo a leanas:
Soláthraíonn Cuid 1 forléargas ar an gCoimisiún um Chaighdeáin agus ar an reachtaíocht a ndéanann an Coimisiún maoirseacht uirthi agus soláthraíonn sé mionsonraí maidir leis an mbealach go bhféadfar iarratas um SF a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin.
Soláthraíonn Cuid 2 mionsonraí ar cheanglais na nAchtanna um Eitic, ar na feidhmeanna maoirseachta arna sannadh don Choimisiún um Chaighdeáin faoin reachtaíocht seo chomh maith le mionsonraí ar na cleachtais riaracháin a mbaintear úsáid astu agus ar na taifid arna bhfáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin agus a fheidhmeanna faoi na hAchtanna um Eitic ar siúl aige.
Soláthraíonn Cuid 3 mionsonraí ar cheanglais na nAchtanna Toghcháin, ar na feidhmeanna maoirseachta arna sannadh don Choimisiún um Chaighdeáin faoin reachtaíocht seo chomh maith le mionsonraí ar na cleachtais riaracháin a mbaintear úsáid astu agus ar na taifid arna bhfáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin agus a fheidhmeanna faoi na hAchtanna Toghcháin ar siúl aige.
Soláthraíonn Cuid 4 mionsonraí ar cheanglais na reachtaíochta um Liúntas Ceannairí Páirtí, ar na feidhmeanna maoirseachta arna sannadh don Choimisiún um Chaighdeáin faoin reachtaíocht seo chomh maith le mionsonraí ar na cleachtais riaracháin a mbaintear úsáid astu agus ar na taifid arna bhfáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin agus a fheidhmeanna faoin reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Páirtí ar siúl aige.