- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Léamhleabhar Saorála Faisnéise
- An Nós Imeachta Imscrúdaithe
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Léamhleabhar Saorála Faisnéise
Tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Oifig um Chaighdeáin) Lámhleabhar a fhoilsiú ina gclúdófaí ailt 15 agus 16 le chéile.
Ceanglaíonn Alt 15 ar an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Oifig um Chaighdeáin) (mar chomhlacht poiblí a cuireadh san áireamh sa Chéad Sceideal a ghabhann leis na hAchtanna um SF) lámhleabhar a fhoilsiú chun éascú le daoine teacht ar fhaisnéis oifigiúil arna coinneáil aige trína struchtúr agus a eagrúchán a leagan amach chomh maith lena fheidhmeanna, a chumhachtaí agus a dhualgais, cineál na cáipéisíochta arna coinnéail aige agus an próiseas lenar féidir iarratais ar fhaisnéis a dhéanamh.
Ceanglaíonn Alt 16 ar an gCoimisiún um Chaighdeáin faisnéis a ullmhú agus a fhoilsiú maidir leis na rialacha, nósanna imeachta, cleachtais, treoirlínte, léirmhínithe agus fasaigh lenar féidir leis an bpobal a bheith ag súil faoi aon achtú nó scéim arna fheidhmiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i réimsí cinntí, cinntiúcháin nó moltaí, in éineacht le faisnéis chuí i ndáil leis an mbealach a riartar aon achtú nó scéim den sórt sin nó an bealach a bheartaítear é a riaradh.