Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

An Nós Imeachta Imscrúdaithe

AGUISÍN 1

Cuirtear síos sa chairt seo a leanas ar an mbealach arna fhorórdú leis an Acht um Eitic i dtaobh gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir le sealbhóir oifige (Féach Nóta 1) nó sealbhóir oifige Chuid IV (Féach Nota 2 nó comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas sa chás go bhféadfadh an tAcht um Eitic agus/nó an tAcht um Chaighdeáin a bheith sáraithe:

Gearánaí Ábhar an Ghearáin
Duine den phobal (alt 22(1) & (2) den Acht um Eitic) Sealbhóir oifige (Féach Nóta 3)
Comhalta na Dála nó an tSeanaid (alt 22(3) den Acht um Eitic) Sealbhóir poist Chuid IV;  Sealbhóir oifige (Féach Nóta 4)
An tAire Airgeadais (alt 22(4)(a) den Acht um Eitic) Sealbhóir poist Chuid IV (seachas sealbhóir oifige)
Aire ar bith (le toiliú an Aire Airgeadais) (alt 22(4)(b) den Acht um Eitic) Sealbhóirí poist sonraithe áirithe Chuid IV
Comhlacht poiblí sonraithe (alt 22(4)(c) den Acht um Eitic) Stiúrthóir nó fostaí ainmnithe leis an gcomhlacht sin
An “t-údarás cuí” faoi chuimsiú chiall Acht Rialuithe na Státseirbhíse, 1956 (seachas Aire Rialtais) i ndáil le státseirbhíseach (alt 22(4)(d) den Acht um Eitic) Státseirbhíseach atá faoi réir ag forálacha Chuid VI den Acht um Eitic
Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann/nó Seanaid Éireann (alt 22(5) de na hAchtanna um Eitic) (Féach Nóta 5) Comhaltaí Dháil Éireann nó Sheanad Éireann, faoi mar a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh (seachas comhalta a bhí ina shealbhóir oifige ag an tráth ábhartha)
Duine ar bith (alt 4 den Acht um Chaighdeáin) Duine Sonraithe (Féach Nóta 6)
An duine nó daoine fógraithe ag an Cláraitheoir um Eitic de Údarais Áitiúil, i gcáis ina líomhnáitear gur sáraíodh Páirt 15 den Acht um Ríaltais Áitiúil (Alt 174(8) den Acht um Ríaltais Áitiúil (Féach Nóta 7) Comhalta nó fostaí de údarais áitiúil
  1. Sainmhínítear “Sealbhóir Oifige” in alt 2(1) den Acht. Áiríonn sé Aire Rialtais nó Aire Stáit (san am atá caite nó faoi láthair), TD nó Seanadóir a bhfuil oifig an Ard-Aighne aige (san am atá caite nó faoi láthair), Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach Dháil Éireann (san am atá caite nó faoi láthair), agus Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach Sheanad Éireann (san am atá caite nó faoi láthair).
  2. Baintear úsáid as an nath cainte seo mar chur síos luathscríbhinne ar na hoifigí éagsúla ar tagraíodh dóibh i gCuid IV den Acht. Baineann Cuid IV den Acht leis an Ard-Aighne (alt 16), le daoine a bhfuil stiúrthóireachtaí ainmnithe acu i gcomhlachtaí poiblí áirithe ar tagraíodh dóibh sa Chéad Sceideal den Acht (alt 17), le daoine a bhfuil poist fhostaíochta ainmnithe acu laistigh de chomhlacht poiblí den sórt sin (alt 18) agus le “comhairleoirí speisialta” (alt 19).
  3. Féadfar gearán a dhéanamh i leith cáis ina líomhnaítear gur sáraíodh Cuid II, III nó IV den Acht agus gur tharla sin nuair a bhí an duine atá i gceist ina shealbhóir oifige. Lena chois sin, féadfar gearán a dhéanamh i gcoinne sealbhóra oifige reatha i leith cáis ina líomhnaítear gur sáraíodh Cuid II agus gur tharla sin sula ndearnadh sealbhóir oifige den duine.
  4. Féach fo-nóta 3 thuas.
  5. Féadfaidh Coiste gearán arna dhéanamh leis ag tríú páirtí faoi chomhalta Dháil Éireann nó Sheanad Éireann (seachas comhalta a bhí ina shealbhóir oifige ag an tráth ábhartha) a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún freisin: alt 22(5) den Acht um Eitic (faoi mar a leasaíodh).
  6. Sainmhínítear "duine sonraithe" in alt 4 (6) (a) den Acht um Chaighdéain.  Áiríonn sé sealbhóir oifige, (ach ní comhalta), sealbhóir poist Chuid IV, agus stiúrthóir nó fostaí comhlachta poiblí ag an tráth lena mbaineann an gearán atá i gceist.
  7. Ceachtar an Bainisteoir nó Cathaoirleach den údarais a bhfuill cúram, no iad araon, cé a bheidh ag brath sa údarais áitiúil go raibh líomhain sarú.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|