- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Léamhleabhar Saorála Faisnéise
- An Nós Imeachta Imscrúdaithe
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
An Nós Imeachta Imscrúdaithe
6. Tuarascáil An Choimisiúin
6.1 De réir alt 24 den Acht um Eitic, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn ar thoradh gach imscrúdú, seachas imscrúduithe ar scor an Coimisiún díobh de réir alt 31(2) (sa chás go bhfuil an tuairim déanta ag an gCoimisiún go bhfuil an gearán atá i gceist suaibhreosach nó cráiteach). Forálann alt 24(1) le haghaidh tuarascálacha den sórt sin a scaipeadh agus tá foráil bhreise maidir leis seo in alt 24(5). Déantar foráil mhionsonraithe le haghaidh ábhar tuarascálacha den sórt sin le halt 24(3). Déantar foráil mionsonraithe le haghaidh scaipeach tuarascálacha den sórt sin ag an gCoimisiúin le hAlt 180 den Acht um Ríaltais Áitiúil, maidir le comhalta nó fostaí de údarais áitiúil.
6.2 I gcúrsa imscrúdaithe, má dhéanann an Coimisiún an tuairim nach bhfuil nó nach dóigh go mbeidh fáil ar fhianaise a bheidh leordhóthaineach le seasamh le gearán a cuireadh ar aghaidh chuige faoi alt 22 den Acht um Eitic, déanta faoi alt 4 den Acht um Chaighdeáin nó alt 174 den Acht um Ríaltais Áitiúil, féadfaidh an Coimisiún cinneadh gan imscrúdú a dhéanamh, nó scor d’imscrúdú, ach má chinneann sé amhlaidh, ullmhóidh sé taifead ar an gcinneadh agus beidh forálacha alt 24 (1) agus 24 (4) de na hAchtanna um Eitic infheidhmithe i ndáil le taifead den sórt sin amhail is gur tuarascáil faoin alt sin a bhí ann.
6.3 Sa chás go gcinneann an Coimisiún go bhfuil aon cheann d’fhorálacha ábhartha na nAchtanna um Eitic nó an tAcht um Ríaltais Áitiúil á sárú go leanúnach, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún a chinntiúchán a chur san áireamh ina thuarascáil maidir leis na céimeanna atá ceangailte ar an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi, a ghlacadh chun a dhaingniú go gcomhlíonfar forálacha den sórt sin agus maidir leis an tréimhse ama a bhfuil céimeanna den sórt sin le glacadh lena linn. Forálann alt 36 den Acht um Eitic go nglacfaidh an duine atá i gceist na céimeanna sonraithe faoi cheann na tréimhse sonraithe.
6.4 Seachas an cás ar foráladh lena haghaidh in alt 36, sa chás go bhfuil an duine a bhfuil imscrúdú an Choimisiúin faoi, ina chomhalta de cheachtar Teach an Oireachtais, forálann alt 28 den Acht um Eitic gur ceist don Teach ábhartha den Oireachtas a dhéanamh amach cén gníomh ar chóir a dhéanamh de bhun thuarascáil an Choimisiúin, más cóir aon ghníomh le déanamh. Níl aon fheidhm eile ag an gCoimisiún maidir leis seo. Sa chás nach bhfuil an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi ina chomhalta de cheachtar Teach, féadfar é nó í a chur faoi smachtbhannaí sa chás go dtarlódh sé go ndéanfar amach gur sáraíodh forálacha den Acht. Arís áfach, níl aon fheidhm eile ag an gCoimisiún maidir leis seo.
6.5 Forálann alt 24(2) den Acht um Eitic, sa chás go ndéanann an Coimisiún an tuairim, cibé le linn nó ag deireadh imscrúdaithe, go bhféadfadh cion coiriúil a bhaineann le feidhmiú a d(h)ualgas poiblí ábhartha a bheith déanta ag an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi, cibé mar shealbhóir oifige nó eile, ullmhóidh sé tuarascáil i scríbhinn i ndáil leis an gcás agus cuirfidh sé an tuarascáil sin, in éineacht le haon cháipéisí ábhartha nó nithe eile, ar fáil don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. Forálann alt 24(2) thairis sin go gcuirfidh an Stiúrthóir in iúl don Choimisiún cibé ar tugadh aon imeachtaí coiriúla ar aghaidh i leith aon chás a luadh sa tuarascáil agus, sa chás gur tugadh imeachtaí ar aghaidh, toradh deiridh imeachtaí den sórt sin. Tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, de bhua alt 24(2)(b), cóip aon tuarascáil a cuireadh ar fáil don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a chur lena thuarascáil faoi alt 24(1), in éineacht le ráiteas maidir le haon fhógra nó fhógraí arna bhfáil ag an gCoimisiún ón Stiúrthóir.