Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

An Nós Imeachta Imscrúdaithe

4. An tImscrúdú

4.1    Pléann an chuid seo le cáis ina bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún nó a bhfuil cinneadh déanta ina thaobh ag an gCoimisiún le himscrúdú a thionscnamh. Faoi mar a tugadh le fios cheana féin, is dóigh, i bhformhór na gcás den sórt sin, nach ndéanfar an cinneadh sin ach tar éis réamhfhiosrúchán a bheith déanta ar an ngearán agus an tuarascáil ar an bhfiosrúchán sin breithnithe ag an gCoimisiún.

4.2    Forálann alt 32(1) den Acht um Eitic, chomh fada agus a bhaineann sé leis an gCoimisiún, go reáchtálfaidh sé suíonna chun críocha imscrúdaithe arna dhéanamh aige faoin Acht agus forálann sé thairis sin go bhféadfaidh sé aighneachtaí agus fianaise a ghlacadh de réir mar is cóir dar leis ag suíonna den sórt sin. Téann alt 32(6) ar aghaidh le foráil mhionsonraithe a dhéanamh le haghaidh finnéithe a ghlaoch ag suíonna den sórt sin agus le haghaidh gnóthaí gaolmhara eile. Déanfar tuilleadh tagartha agus tagairt níos mionsonraithe d’fhorálacha alt 32(6) thíos.

4.3    Cuma cibé ar reáchtáladh réamhfhiosrúchán nó nár reáchtáladh, is gnách go mbeidh sé riachtanach don Choimisiún ráitis a fháil ó dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ina bhfinnéithe agus caithfear cáipéisíocht ábhartha a fháil freisin. Tá an Coimisiún ag súil, i gcuid mhaith cás, go gcuirfear ráitis den sórt sin agus ábhar eile ar fáil go deonach dó. Sa chás gur gá, áfach, feidhmeoidh cathaoirleach an Choimisiúin an cumhacht le treoracha a thabhairt, a bronnadh air/uirthi le halt 32(2) den Acht um Eitic agus go háirithe alt 32(2)(c) agus (d). Lena chois sin, tugann alt 18 den Acht um Chaighdeáin cead do chathaoirleach an Choimisiúin treoracha a thabhairt do “dhuine ar bith” aon cháipéisí, a bhaineann le haon ghnó atá ábharthach le feidhmeanna an Choimisiúin, a fhollasú faoi mhionn.  (Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin sa chomhthéacs seo go bhforchuireann alt 19 den Acht um Chaighdeáin oibleagáid ar dhaoine le cáipéisí nó faisnéis arb eol dó nó di go bhfuil sé ábharthach le himscrúdú nó le himscrúdú atá bearthaithe ag an gCoimisiún, agus atá ina seilbh nó faoina smacht, a chaomhnú go dtí go mbeidh an t-imscrúdú agus aon imeachtaí gaolmhara curtha i gcrích.) I gcáis áirithe – sa chás, mar shampla, gur bheartaigh an cathaoirleach an cumacht faoi alt 32(2)(d) den Acht um Eitic nó alt 18 den Acht um Chaighdeáin a fheidhmiú, le treoir a thabhairt go dtabharfar cuntais phríobháideacha bhainc an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi, ar aird – cuirfear an moladh le treoir den sórt sin a thabhairt, in iúl dó nó di de ghnáth agus tabharfar deis dóibh le haon uiríll a dhéanamh agus is mian leis nó léi maidir leis sin. I gcáis eile, áfach, féadfar treoir a thabhairt faoi alt 32(2) nó alt 18 gan aon tagairt don duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi. Beidh na céimeanna beachta arna nglacadh ag an gCoimisiún éagsúil ó imscúdú go chéile, faoi mar a bheidh fad na céime seo d’obair an Choimisiúin.

4.4.    Féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is cuí dar leis, réamhshuí a reáchtáil (agus, sa chás gur gá, níos mó ná suí amháin den sórt sin) chun críocha déileáil le haon réamh-shaincheisteanna agus/nó saincheisteanna maidir le nósanna imeachta, a thagann chun cinn i ndáil leis an imscrúdú áirithe atá ar siúl aige.

4.5.    Sula reáchtáiltear aon suí chun críocha éisteacht le fianaise nó aighneachtaí a ghlacadh i dtaca lena imscrúdú (seachas an réamhshuí nó réamhshuíonna ar tagraíodh dóibh cheana féin), cuirfidh an Coimisiún, de réir fhorálacha alt 32(6)(a) den Acht um Eitic, in iúl don duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi, dáta, am agus áit shuí ábhartha an Choimisiúin. Sa chás go dtagann an t-imscrúdú chun cinn de bharr gearáin arna dhéanamh faoi alt 22 den Acht um Eitic, alt 4 den Acht um Chaighdeáin nó alt 174 den Acht Um Ríaltais Áitiúil gheobhaidh an gearánaí fógra cosúil leis sin. Oiread agus is féidir go praiticiúil, beidh suíonna an Choimisiúin sceidealaithe le haghaidh dáta agus am a fheileann do gach páirtí leasmhar. Reáchtáilfear suíonna an Choimisiúin in áitreabh an Choimisiúin ag Sráid Líosain de ghnáth. Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as ionad malartach áfach de réir mar is cuí dar leis.  

4.6    Arís, sula reáchtáiltear aon suí chun críocha fianaise a éisteacht nó aighneachtaí a ghlacadh (seachas an réamhshuí nó suíonna ar tagraíodh dóibh cheana féin), tabharfaidh an Coimisiún, de réir cheanglais alt 32(6)(b) den Acht um Eitic, faisnéis shonraithe áirithe a bhaineann leis an imscrúdú don duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi, lena n-áirítear ráiteas maidir leis an gcás ina líomhnaítear gur sáraíodh na hAchtanna um Eitic agus cóipeanna d’aon ráitis a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún úsáid a bhaint astu. Féachfaidh an Coimisiún le haon iarratas réasúnach arna dhéanamh ag nó thar ceann an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi, i ndáil le feidhmiú a c(h)umhachtaí ag an gcathaoirleach faoi alt 32(2) den Acht um Eitic, a chomhlíonadh, chun críocha a dhaingniú go bhfreastalóidh finnéithe agus/nó go dtabharfar cáipéisí ar mian leis an duine sin a chur i láthair an Choimisiúin, ar aird.

4.7    Cinnteoidh an Coimisiún, de réir cheanglais alt 32(6)(c), (f) agus (g) den Acht um Eitic, go mbeidh an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi i dteideal a chás nó a cás a chur i láthair an Choimisiúin, finnéithe arna nglaoch ag an gCoimisiún a chroscheistiú agus finnéithe a ghlaoch thar a c(h)eann féin. An Coimisiún a chinnfidh an t-ord ina nglaofar finnéithe le fianaise a thabhairt. An Coimisiún freisin a chinnfidh cibé ar chóir fianaise a thabhairt faoi mhionn nó nár chóir. Cé go bhféadfaidh cáis eisceachtúla a bheith ann áfach, nach bhfuil aon fhíric ina hábhar conspóide i gceist leo agus gur chósúil nach mbeadh fianaise mhionnaithe riachtanach mar sin, samhlaíonn an Coimisiún go dtabharfar fianaise faoi mhionn de ghnáth. Sa chás go bhfuil fianaise á tabhairt faoi mhionn, déanfaidh cathaoirleach an Choimisiúin gach finné a chur faoin mionn iomchuí. Sa chás go bhfuil finné i gcoinne mionn a thabhairt, iarrfar air dearbhú a thabhairt ina áit sin.

4.8    Tá finné, ar tugadh nó a bhfuil a fhianaise á tabhairt nó le tabhairt os comhair an Choimisiúin in imeachtaí faoi na hAchtanna um Eitic, i dteideal na bpribhléidí agus na n-imdhíonachtaí céanna agus a bhíonn ag finné i gcúirt, seachas nach féidir le finné den sórt sin diúltú ceist a fhreagairt nó diúltiú cáipéis a thabhairt ar aird ar an ábhar go bhféadfadh an freagra nó an cháipéis é nó í a ionchoiriú. (Féach ailt 32 den Acht um Eitic agus alt 16 den Acht um Chaighdeáin). Ní bheidh aon ráiteas nó admháil arna dhéanamh ag duine os comhair an Choimisiúin (nó oifigigh fhiosrúcháin nó duine arna cheapadh faoi alt 32(4A) den Acht um Eitic, faoi mar a leasaíodh) inghlactha mar fhianaise i gcoinne an duine sin in aon imeachtaí, seachas imeachtaí as forálacha alt 32(4) (loiceadh déanamh de réir treoir le freastal agus loiceadh/diúltú ceist a fhreagairt nó cáipéis a thabhairt ar aird) agus 35(5) (fianaise bhréagach a thabhairt) den Acht um Eitic nó alt 17 den Acht um Chaighdeáin (bac a chur ar an gCoimisiún) a shárú.

4.9    Cinnteoidh an Coimisiún, oiread agus a bheidh indéanta, go gcuirfear fianaise gach finné ábhartha i láthair. Déanfaidh an Coimisiún, nó a chomhairleoirí dlí, finnéithe arna nglaoch ag an gCoimisiún a cheistiú agus cuirfear iad faoi chroscheistiú ansin ag nó thar ceann an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi. Sa chás go dtugann an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi, fianaise agus/nó go nglaonn sé finnéithe, cuirfear iad faoi chroscheistiú ag nó thar ceann an Choimisiúin.

4.10    Tá an Coimisiún cumhachtaithe freisin, sa chás go bhfuil leordhóthain cúise ann gur cuí amhlaidh a dhéanamh dar leis, le socrú a dhéanamh go ndéanfar ceistiú ar dhuine ag áit ar bith laistigh nó lasmuigh den Stát ag comhalta den Choimisiún, ball d’fhoireann an Choimisiúin nó ag aon duine eile agus beidh fianaise an duine sin inghlactha chun críocha imscrúdaithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún: alt 32(4A) & (4B) den Acht um Eitic (curtha isteach le Sceideal 1 den Acht um Chaighdeáin).

4.11    Féadfaidh an Coimisiún ráitis scríofa a ghlacadh isteach i bhfianaise, ar an gcoinníoll go dtoilíonn an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi, leis sin. Tá faoin gCoimisiún leas a bhaint as an nós imeachta seo oiread agus is féidir, go háirithe sa chás go bpléann an ráiteas atá i gceist le saincheisteanna neamhchonspóideacha agus/nó go bhfuil sé dírithe i dtreo gnóthaí foirmiúla a chruthú. Ní dhéantar dochar, áfach, leis an gcumhacht aon ráiteas scríofa a ghlacadh i bhfianaise do chumhachtaí an Choimisiúin, trína chathaoirleach, a ordú do dhaoine freastal os comhair an Choimisiúin chun fianaise a thabhairt agus/nó doiciméid a thabhairt ar aird i gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cuí sin.

4.12    Rialóidh an Coimisiún, faoi réir ag forálacha na nAchtanna um Eitic, maidir le haon saincheisteanna fianaise a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcúrsa imscrúdaithe atá á dhéanamh ar cosúil gur gá don Choimisiún cinneadh a dhéanamh ina leith, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le hinghlacthacht fianaise, (lena n-áirítear aon saincheist a bhaineann le pribhléid arna éileamh ag finné), saincheisteanna a bhaineann le hábharthacht agus saincheisteanna maidir le scóip cheart an cheistiúcháin agus an chroscheistiúcháin ar fhinnéithe os comhair an Choimisiúin. Sa chás go gcuirtear i gcoinne aon fhianaise (ó bhéal nó eile) arna tabhairt nó atá beartaithe a thabhairt os comhair an Choimisiúin, breithneoidh an Coimisiún agóid den sórt sin agus rialóidh ar an gcéanna de réir mar is cuí dar leis. 

4.13    Rialóidh an Coimisiún, faoi réir ag forálacha an Achta um Eitic, maidir le haon saincheisteanna a bhaineann le nósanna imeachta a d’fhéadfadh teacht chun cinn i gcúrsa imscrúdaithe atá á dhéanamh, ar cosúil gur gá don Choimisiún cinneadh a dhéanamh ina leith. Sa chás go gcuirtear i gcoinne aon nóseanna imeachta a dtéitear leo nó a bhfuil faoin gCoimisiún dul leo, breithneoidh an Coimisiún agóid den sórt sin agus rialóidh ar an gcéanna de réir mar is cuí dar leis.

4.14    Measfar, maidir le haon síniú a bheidh ar dhoiciméad a thabharfar ar aird os comhair an Choimisiúin (lena n-áirítear ráiteas finné ach gan a bheith teoranta dó sin), cheal fianaise ar a mhalairt, gurb é síniú an duine a n-airbheartaíonn sé gurb é a shíniú nó a síniú é.

4.15    Déanfar imeachtaí an Choimisiúin a thaifeadadh ar bhealach den sórt agus a chinnfidh an Coimisiún agus ullmhófar taifead den sórt sin ar na himeachtaí faoi mar a fhéadfaidh an Coimisiún a stiúradh, lena leagfar imeachtaí den sórt sin amach go cruinn.

4.16    Reáchtáilfear suíonna an Choimisiúin chun críocha imscrúdaithe dá chuid faoi na hAchtanna um Eitic go poiblí seachas sa chás go dtreoraíonn an Coimisiún a mhalairt de bhun alt 32(9) den Acht um Eitic. Féadfaidh an Coimisiún a threorú, de réir a bhreithiúnais féin, go ndéanfar an t-iomlán nó aon chuid d’aon suí den sórt sin i ndáil phríobháideach sa chás gur cuí treoir den sórt sin a thabhairt dar leis. Agus é á chinneadh cibé an reáchtáilfear aon suí de chuid an Choimisiúin i ndáil phríobháideach, beidh aird ag an gCoimisiún ar, ach ní bheidh sé faoi cheangail ag, dearcaí (más ann d’aon dearcaí) páirtithe leasmhara, lena n-áirítear dearcaí an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi ach go háirithe. Sa chás go reáchtáiltear suí de chuid an Choimisiúin, nó aon chuid de, i ndáil phríobháideach, beidh forálacha alt 35(1) den Acht infheidhmithe, lena gcoisctear ar aon duine faisnéis arna fáil trína bheith i láthair ag suí príobháideach den sórt sin, a nochtadh.

4.17    Ní dhochraíonn ná ní théann aon rud san alt roimhe seo, ná in aon chuid eile den cháipéis seo, cumas an Choimisiúin, ná ní théann aon rud den sórt sin i bhfeidhm ar chumas an Choimisiúin, le teacht le chéile i seisiún príobháideach ó am go chéile sa chás gur cosúil a leithéid a bheith oiriúnach go gcomhlíonfaidh an Coimisiún a fheidhmeanna faoin Acht um Eitic nó faoin Acht um Chaighdeáin de réir mar atá dlite air ná ní bhronnann aon rud den sórt sin a luadh teidlíocht ar aon duine a bheith i láthair ag seisiúin phríobháideacha den sórt sin.

4.18    Féadfaidh comhairleoirí dlí den sórt agus is cuí a choinneáil dar leis an gCoimisiún, cabhrú leis an gCoimisiún le himscrúduithe a dhéanamh faoin Acht. Féadfaidh comhairleoirí dlí den sórt sin, ar iarratas an Choimisiúin agus thar a cheann, ceistiú nó croscheistiú (de réir mar a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh) a dhéanamh ar fhinnéithe arna nglaoch chun fianaise a thabhairt os comhair an Choimisiúin. Féadfaidh comhairleoirí dlí den sórt sin, ar iarratas an Choimisiúin, aighneachtaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin freisin maidir le gnóthaí den sórt agus a fhéadfaidh a bheith cuí dar leis an gCoimisiún. Féadfaidh comhairleoirí dlí an Choimisiúin comhairle dlí den sórt agus a fhéadfaidh bheith ag teastáil uaidh, a thabhairt don Choimisiún freisin. Ní bheidh aon ról ag comhairleoirí dlí an Choimisiúin i bpróiseas déanta cinntí an Choimisiúin ach féadfaidh siad comhairle dhlí a thabhairt i ndáil leis sin má iarrann an Coimisiún amhlaidh.

4.19    Féadfaidh an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi a chás nó a cás a chur i láthair an Choimisiúin go pearsanta nó trí ionadaí dlí nó ionadaí eile. Féadfaidh an duine sin, as nó aisti féin nó trí ionadaí den sórt sin, ráiteas tosaigh a dhéanamh don Choimisiún, finnéithe arna nglaoch le fianaise a thabhairt os comhair an Choimisiúin a cheistiú nó a chroscheistiú (de réir mar a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh) agus labhairt leis an gCoimisiún maidir le gnóthaí ábhartha a thagann chun cinn i gcúrsa imscrúdú an Choimisiúin agus féadfaidh sé aighneacht choimrithe a dhéanamh don Choimisiún agus críoch curtha leis an bhfianaise. 

4.20    Forálann alt 32(5) den Acht um Eitic, má thugann duine fianaise bhréagach os comhair an Choimisiúin i gcúinsí den sórt, dá mbeadh an fhianaise sin tugtha aige nó aici os comhair cúirte, go mbeadh sé nó sí ciontach i mionnú éithigh, go mbeidh sé nó sí ciontach sa chion sin. Tá sé ina chion freisin loiceadh nó diúltú freastal os comhair an Choimisiún nuair a threoraítear amhlaidh, nó nuair atá duine i láthair, diúltú dul faoi mhionn má cheanglaítear sin ar dhuine, diúltú aon cheist a fhreagairt a cuireadh ar an duine agus a bhfuil an Coimisiún i dteideal ceangal ar an duine a fhreagairt, nó aon cháipéis a thabhairt ar airde a theastaíonn ón gCoimisiún de réir an dlí: alt 32(4). Tá sé ina chionn ar leithligh faoi alt 17 den Acht um Chaighdeáin bac a chur ar an gCoimisiún.

4.21    Sa chás go dtreoraítear d’fhinné freastal os comhair an Choimisiúin de bhun alt 32(2)(b) den Acht um Eitic, íocfar speansais réasúnacha an fhinné sin as suimeanna airgid arna soláthar ag an Oireachtas. Beidh an méid a bheidh i gceist le speansais réasúnacha éagsúil ó chás go cás. I gcás go dtarlódh díospóid, déanfaidh an Coimisiún an tsuim chuí speansas amach. Sa chás go dtreoraítear d’fhinné freastal os comhair an Choimisiúin faoin bhforáil seo, forthairgfear suim i leith na speansas a bhain leis nó léi a bheith i láthair, a bheidh comhionann leis an tsuim a mbeadh finné ar cuireadh toghairm air freastal os comhair na hArd-Chúirte, i dteideal a bheith forthairgthe dó, d’fhinné den sórt sin ag an am céanna agus a sheirbheáiltear an treoir atá i gceist air nó uirthi. Tá an tsuim seo – a dtagraítear di i gcomhthéacs imeachtaí cúirte mar  ‘viaticum“ – beartaithe le costas costaisí taistil agus costais ghaolmhara a chlúdach.

4.22    Tugann alt 9 den Acht um Chaighdeáin cead don Choimisiún orduithe a dhéanamh i ndáil leis na costaisí arna tarraingt air féin ag aon duine a thagann os a chomhair. Tugtar aghaidh ar alt 9 níos fairsinge in alt 7 den cháipéis seo.

4.23    Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí i ndáil le himscrúdú a chur ar atráth nó a iarchur faoi alt 23 den Acht um Eitic de réir mar is cuí dar leis. D’fhéadfaí an cumhacht seo a fheidhmiú, mar shampla, sa chás go raibh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ag breithniú imeachtaí coiriúla, nó go raibh imeachtaí coiriúla tugtha ar aghaidh aige agus gur tháinig siad chun cinn as na gnóthaí céanna agus a raibh imscrúdú an Choimisiúin futhu. Sa chás go bhfeidhmíonn an Coimisiún an cumhacht seo, féadfaidh sé, más cuí amhlaidh a dhéanamh dar leis, tuarascáil eatramhach maidir lena imscrúdú a chur ar fáil. 

4.24    Má dhéanann an Coimisiún an tuairim, ag tráth ar bith i gcúrsa gearán arna dhéanamh leis, nó a cuireadh ar aghaidh chuige, a bheith á imscrúdú aige, faoi alt 22 den Acht um Eitic, alt 4 den Acht um Chaighdeáin nó alt 174 den Acht Um Ríaltais Áitiúil seachas gearán arna dhéanamh ag comhalta nó duine ar tagraíodh dó i míreanna (c) nó (d) d’alt 22(4) den Acht um Eitic, go bhfuil an gearán atá i gceist suaibhreosach nó cráiteach, féadfaidh sé scor d’imscrúdú den scórt sin, agus beidh forálacha alt 31(3) agus 31(4) den Acht um Eitic infheidhmithe sa chás sin.

4.25    Sa chás go ndéanann an Coimisiún an tuairim, cibé i rith nó ag deireadh imscrúdaithe faoi alt 23, nach bhfuil foráil den Acht um Eitic, den Acht um Chaighdeáin nó Páirt 15 den Acht Um Ríaltais Áitiúil lena mbaineann an t-imscrúdú, sáraithe ag an duine a bhfuil an t-imscrúdú faoi, ach go bhféadfadh foráil eile de Chuid II, III nó IV den Acht um Eitic, an tAcht um Chaighdeáin nó Páirt 15 den Acht Um Ríaltais Áitiúil a bheith sáraithe aige, féadfaidh sé imscrúdú a dhéanamh lena dhéanamh amach cibé an bhfuil an fhoráil eile sin sáraithe ag an duine.

 

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|