- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Ráitéas maidir le Faisnéis a Athúsáid
Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid (IR 279 de 2005)
Comhlíonann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún um Chaighdeáin) na Rialacháin thuas maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a athúsáid agus spreagann sé daoine leis an bhfaisnéis a tháirgeann sé a athúsáid.
Tá an fhaisnéis ar fad atá ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi chóipcheart an Choimisiúin um Chaighdeáin ach amháin sa chás go dtugtar a mhalairt le fios. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an suíomh idirlín a athúsáid saor in aisce in aon fhormáid ar bith. Tá cóipeáil san áireamh le hathúsáid chomh maith le cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsitheoireacht, craolachán agus é a aistriú go teangacha eile. Clúdaítear taighde agus staidéar nach ndéantar ar bhonn tráchtála leis freisin.
De réir alt 73 de na hAchtanna Toghcháin, féadfaidh daoine den phobal cáipéisíocht reachtúil áirithe a chuirtear ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin a ghrinnscrúdú agus / nó a chóipeáil. Ceadaítear an fhaisnéis seo a athúsáid freisin. Tabhair do d'aire le do thoil, cé go mbíonn sé saor in aisce an fhaisnéis ar an suíomh idirlín a athúsáid, foráiltear le halt 73 de na hAchtanna Toghcháin go bhféadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin táille réasúnach a fhorchur áfach as cáipéisí reachtúla a chuirtear ar fáil dó a fhótachóipeáil. Tá mionsonraí ar na cáipéisí reachtúla atá ar fáil ag oifigí an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi láthair ar fáil sa chuid den suíomh idirlín maidir le foilseacháin ghinearálta (as Béarla).
Féadfar faisnéis agus cáipéisí a fhaightear ón suíomh idirlín seo a atáirgeadh agus / nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais is déanaí um Fhaisnéis na Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.psi.gov.ie/. Bíonn athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas go ginearálta. Caithfidh tú:
- Foinse agus cóipcheart an Choimisiúin um Chaighdeáin a admháil i gcásanna go soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile
- An fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn
- Gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach
- Gan an fhaisnéis a úsáid chun fógraíocht a dhéanamh faoi tháirge nó seirbhís áirithe nó chun táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn, agus sin ina phríomhchuspóir agat
- Gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha mídhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta nó chun tacú le cuspóirí den sórt sin
Níl an Coimisiún um Chaighdeáin faoi dhliteanas i leith aon chaillteanai s nó dliteanais a bhaineann le hathúsáid fhaisnéise atá ar a shuíomh idirlín. Ar an gcaoi chéanna, cé go ndéantar gach dícheall lena chinntiú go mbeidh faisnéis ar a shuíomh idirlín cothrom le dáta agus cruinn, ní dheimhníonn an Coimisiún um Chaighdeáin go mbeidh an fhaisnéis ar fad ar a shuíomh idirlín cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní údaraíonn an Coimisiún um Chaighdeáin d'aon úsáideoir gurb acu a bheidh cearta eisiacha lena fhaisnéis a athúsáid.
Coinníonn an Coimisiún um Chaighdeáin an fhaisnéis seo a leanas ar shuíomh idirlín (Féach ar leagan Béarla den idirlín).