Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Ceanglais ar an eagraíocht faoin Acht um Míchumas 2005

Mar chomhlacht poiblí, ceanglaítear ar an eagraíocht a chinntiú go gcomhlíonann sé ailt 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas 2005 ("an tAcht").

Ceanglaíonn alt 25 den Acht ar an eagraíocht a chinntiú go mbeidh limistéir dá fhoirgneamh nó dá fhoirgnimh, a bhfuil cead ag an bpobal dul isteach iontu, inrochtana do dhaoine le míchumais.

Ceanglaíonn alt 26 den Acht ar an eagraíocht a chinntiú go mbeidh a phríomhsheirbhísí lárnacha poiblí inrochtana do dhaoine le míchumais sa mhéid is go mbíonn seo praiticiúil agus oiriúnach. Má mheasann sé gur gá, caithfidh an eagraíocht cúnamh a sholáthar do dhaoine le míchumais agus iad ag teacht ar a sheirbhísí. Sa chás gur cuí, caithfidh go mbeidh saineolas agus scileanna cuí ar fáil don eagraíocht chun comhairle a thabhairt don chomhlacht poiblí agus é á chinntiú go mbeidh a sheirbhísí inrochtana.

Ceanglaíonn alt 26(2) den Acht ar an eagraíocht "oifigeach rochtana" a cheapadh chun cúnamh agus treoir a sholáthar do dhaoine le míchumais agus iad ag teacht ar a sheirbhísí nó socruithe a dhéanamh don chúnamh agus chomhairle sin agus é a chomhordú.

Ceanglaíonn alt 27 den Acht ar an eagraíocht a chinntiú go mbeidh earraí nó seirbhísí a cheannaíonn sé inrochtana do dhaoine le míchumais.

Ceanglaíonn alt 28 den Acht ar an eagraíocht a chinntiú go mbeidh faisnéis a thugann sé soláthraithe i bhformáid a bheidh inrochtana do dhaoine le míchumais.



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|