Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Comhaltaí

Kieran Coughlan Uasal, Cléireach Dháil Éireann

Kieran Coughlan

Cuireadh oideachas ar an Uasal Coughlan i gColáiste Bhráithre na Toirbhirte, Corcaigh agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Chuaigh sé isteach i Seirbhís Phoiblí na hÉireann sa bhliain 1973 agus ceapadh i dTeach Laighean (áras na Parlaiminte) é i mí Deireadh Fómhair na bliana sin. Bhí sé ag fónamh in oifigí éagsúla maidir le nósanna imeachta na parlaiminte agus le Coistí in Oifig Thithe an Oireachtais (an Pharlaimint). Ceapadh ina Chléireach Cúnta i Seanad Éireann (An Teacht Uachtarach) é sa bhliain 1984 agus bhí sé ina chomhalta de Rúnaíocht Fhóram Nua Éireann sa bhliain chéanna. Ceapadh an tUasal Coughlan ina Chléireach-Cúnta i nDáil Éireann (Teacht na dTeachtaí) sa bhliain 1987 agus ceapadh ina Chléireach i Seanad Éireann é agus ina Cheann Comhairimh don Seanad ina dhiaidh sin sa bhliain 1987. Ceapadh an tUasal Coughlan mar Chléireach na Dála, Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitiúla agus ina Oifigeach Cuntasaíochta do Thithe an Oireachtais sa bhliain 1990. Tá an tUasal Coughlan ina chomhalta chomh maith den Choimisiún um Dháilcheantair agus den Choimisiún Reifrinn.

Bhíodh an tUasal Coughlan ina chomhalta den Choimisiún um Oifigí Poiblí agus tá sé ina chomhalta den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ó bunaíodh é i mí na Nollag 2001.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|