- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Comhaltaí
An Breitheamh Matthew P. Smith Uasal, Cathaoirleach

Is é an Breitheamh Smith Uasal an chéad Chathaoirleach de chuid an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí arna cheapadh ag an Uachtarán, ar mholadh ón Rialtas, i mí Nollag na bliana 2001, i ndiaidh don dá Theach de Thithe an Oireachtais (an Pharlaimint) rún a rith.
Cuireadh oideachas ar an mBreitheamh Smith Uasal i mBunscoil na mBráithre Críostaí, Ceannanas, Contae na Mí, i Meánscoil Rockwell, Caiseal, Contae Thiobraid Árann agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Ghnóthaigh sé Céim BA agus LLB le Céad Onóracha.
Glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1957 agus chun an Bharra Shinsearaigh sa bhliain 1982.
Ceapadh ina Ghiúistis sa Chúirt Chuarda é i mí Eanáir na bliana 1985 agus ina Ghiúistis sa Chúirt Choiriúil Speisialta i mí Iúil na bliana 1988 mar a raibh sé ag fónamh go dtí mí Meitheamh na bliana 1998.
Bhí sé ina Ghiúistis de chuid na hArd-Chúirte ó mhí Eanáir na bliana 1998 go dtí an 31 Nollaig 2004.
Ceapadh an Breitheamh Smith Uasal ina Chathaoirleach ar an gCoimisiún um Vótáil Leictreonach an 1 Márta 2004 agus tá sé ina chomhalta den Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí ó bunaíodh é an 19 Deireadh Fómhair 2004.