Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Triú Páirtithe

Leagtar dualgais áirithe faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú, (an tAcht) ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí a:

  1. fhaigheann síntiúis d’fheachtas a reáchtáiltear chun toradh áirithe maidir le beartas / beartais nó feidhmeanna de chuid an Rialtais nó aon údarás poiblí a chur chun cinn nó a bhaint amach, nó
  2. bhfuil i gceist aige / aici / acu dul i gcostas chun iarrthóir nó páirtí polaitiúil a chur chun cinn nó chun cur ina n-aghaidh ag toghchán don Dáil, do Pharlaimint na hEorpa nó i dtoghchán don uachtaránacht, nó tionchar eile a imirt ar thoradh an toghcháin.

Is dualgais éagsúla ar leithligh na dualgais a leagtar amach ag (i) agus (ii) thíos agus d’fhéadfadh go mbainfeadh ceachtar acu nó an péire acu le haon duine aonair / grúpa faoi leith.

1. "Tríú Páirtí"

Tá dlite ar dhuine aonair nó grúpa (seachas páirtí polaitiúil cláraithe nó iarrthóir sa toghchán) a ghlacann, ina aon bhliain ar leith, le síntiús dar luach suim is mó ná €126.97 clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán) mar "tríú  páirtí".

Ciallaíonn "síntiús" aon chion tairbhe a thugtar chun críche polaitiúil agus d’áireofaí airgead, maoin talún, earraí nó úsáid earraí, maoin talún nó seirbhísí in aisce nó faoi bhun an chostais. Áirítear leis chomh maith luach glan an chion tairbhe a dhéanfaí i gcás imeachtaí chruinniú ciste. 

Áirítear le "críocha polaitiúla" cur chun cinn nó cur in aghaidh, go díreach nó go hindíreach, leasa duine aonair nó ghrúpa i ngeall le reáchtáil nó bainistiú aon fheachtais a eagraítear chun toradh áirithe maidir le beartas / beartais nó feidhmeanna de chuid an Rialtais nó aon údarás poiblí a chur chun cinn nó a bhaint amach.

Agus é / í / iad ag clárú le Coimisiún na gCaighdeán mar tríú páirtí, ní mór do dhuine aonair / grúpa na sonraí seo a leanas a chur ar fáil:

  • ainm agus seoladh an tríú páirtí agus ainm agus seoladh an té atá freagrach as a eagrú, bhainistiú nó as na gnóthaí airgeadais ("duine freagrach")
  • ráiteas maidir le cineál, cuspóir agus luach measta na síntiús leis an tríú páirtí i rith na bliana agus na costais mheasta;
  • eolas maidir le haon cheangal a bheadh ag an tríú páirtí le haon pháirtí polaitiúil nó iarrthóir sa toghchán nó sa reifreann nó eile.

Sa chás go bhfaigheann tríú páirtí síntiús airgid is mó ná €126.97 ní mór dó Cuntas do Shíntiúis Pholaitiúla a oscailt agus a choinneáil i bhforas airgeadais sa Stát. Beidh dlite ar an duine freagrach don tríú páirtí tuairisceán a dhéanamh le Coimisiún na gCaighdeán i leith an chuntais gach bliain.

Ní cheadaítear do tríú páirtí glacadh le haon cheann acu seo a leanas:

  • síntiús gan ainm leis dar luach is mó ná €126.97;
  • síntiús, nó síntiúis ó dhuine amháin, ar airde a luach iomlán ná €6,348.69 san aon bhliain amháin;
  • síntiús, d’aon luach, ó dhuine (seachas saoránach de chuid na hÉireann) a bhfuil cónaí air / uirthi taobh amuigh d’oileán na hÉireann; nó
  • síntiús, d’aon luach, ó chomhlacht corpraithe nó ó chomhlachas daoine neamhchorpraithe nach bhfuil oifig aige ar oileán na hÉireann óna stiúraítear ceann nó níos mó dá chuid príomhghníomhartha.

2. Dul i gcostas ag toghcháin don Dáil, do Pharlaimint na hEorpa nó don uachtaránacht

Sula dtéitear i gcostas ar bith chun cur i bhfábhar nó i gcoinne, go díreach nó go hindíreach, toghadh aon iarrthóra, leasanna aon pháirtí polaitiúil nó chun tionchar eile a imirt ar thoradh thoghcháin don Dáil, do Pharlaimint na hEorpa nó don uachtaránacht, ní mór do dhuine aonair nó do ghrúpa a bhfuil nó nach bhfuil sé údaraithe dó / di / dóibh dul i gcostas dá leithéid ag gníomhaire toghcháin iarrthóra nó ag gníomhaire náisiúnta pháirtí polaitiúil na sonraí seo a leanas a chur ar fáil i scríbhinn do Choimisiún na gCaighdeán:

  • ainm, seoladh agus cur síos ar an duine nó ar an ngrúpa a bhfuil sé i gceist aige / aici / acu dul sa chostas,
  • ráiteas maidir le cineál, cuspóir agus luach measta na gcostas, agus
  • eolas maidir le haon cheangal a bheadh ag an duine aonair nó ag an ngrúpa le haon pháirtí polaitiúil nó iarrthóir sa toghchán.

Sa chás go measann Coimisiún na gCaighdeán nach bhfuil an duine aonair nó an grúpa ceangailte le haon iarrthóir nó páirtí atá san iomaíocht sa toghchán, beidh dlite ar an duine aonair nó ar an ngrúpa Ráiteas faoi Chostais Toghcháin a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán, taobh istigh de thréimhse 56 lá tar éis lá na vótála sa toghchán.

Tugtar breis eolais sna foilseacháin seo a leanas maidir leis na dliteanais thuas:

Nóta mínithe do Thríú Páirtí agus do Dhaoine Eile (Ginearálta)

Nóta mínithe maidir le baint tríú páirtí le corrthoghcháin Chill Dara Thuaidh agus na Mí

Nóta mínithe maidir le caiteachas i gcorrthoghcháin na Mí agus Chill Dara Thuaidh

Treoirlínte maidir le corrthoghcháin an 11 Márta 2005 don Dáil i gCill Dara Thuaidh agus sa Mhí (Nasc)

Treoirlínte maidir leis an toghchán don uachtaránacht an 22 Deireadh Fómhair 2004 (Nasc)



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|