- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Oifigeach rochtana
- Aonaid Chuntasaíochta
- Oifigigh Iomchuí na bPáirtithe Polaitiúla
- An tArd-Aighne
- Iarrthóirí
- Státseirbhísigh
- Gníomhairí Toghcháin
- Grúpaí Stocaireachta / Feachtaisíochta
- Comhaltaí Bord na gComhlachtaí Stáit
- Comhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa (MEPanna)
- Gníomhaire Náisiúnta
- Sealbhóirí Oifige
- Leathanach d'Fhoilsitheoirí
- Seirbhísigh Poiblí
- Ceannairí Parlaiminte na bPáirtithe Polaitiúla Incháilithe
- Comhairleoirí Speisialta
- Comhaltaí Thithe an Oireachtais
- Triú Páirtithe
- Foirmeacha
Seirbhísigh Poiblí
Tagann dualgais áirithe i gceist do Sheirbhísigh Poiblí faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 ar a dtugtar in éineacht na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 (na hAchtanna Eitice). Tugtar cur síos ar na dualgais a thagann i gceist faoi na ceannteidil seo a leanas:
Baineann na dliteanais maidir le nochtadh sna hAchtanna Eitice le Seirbhísigh Poiblí atá i bpoist a dtéann uasmhéid tuarastail leo nach lú ná uasmhéid tuarastail an Phríomhoifigigh (Grád Gnáthsheirbhíse) sa Státseirbhís agus i bpoist shonracha eile a bhfuil forordú déanta i Rialacháin ag an Aire Airgeadais maidir leo. Tugtar poist shainithe fostaíochta orthu sin. Tá liosta de na poist shainithe fostaíochta insan seirbhís phoiblí i gcoitinne ar fáil in Aguisín 4 de na treoirlínte do sheirbhísigh phoiblí atá foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeaín.
Tá dlite ort, i leith gach bliain a bhfuil nó a raibh post sainithe fostaíochta agat i gcomhlacht poiblí lena linn, ráiteas i scríbhinn a ullmhú agus a chur ar fáil don údarás cuí a shocróidh an tAire Airgeadais, faoi do chuid leasa inchláraithe móide leasa inchláraithe do chéile nó dhuine de do chlann nó dhuine de chlann do chéile a bhfuil eolas dáiríre agat orthu agus a bhféadfadh tionchar ábharach a bheith acu ort i ndéanamh do chuid feidhmeanna nó maidir lena ndéanamh. Sa chás nach bhfuil aon leasa dá leithéid le nochtadh, iarrtar ort ráiteas a chur ar fáil ag rá nach bhfuil. Tá tuilleadh sonraí maidir leis na ceanglais ina leith seo ar fáil i gCuid 7 de na treoirlínte. Tá na foirmeacha cuí ar fáil ar shuíomh idirlín an Roinn Airgeadais.
Chomh maith leis sin, sa chás go bhfuil feidhm de chuid do phoist le déanamh agus fios dáiríre agat go bhfuil leas ábharach agat féin, nó ag duine a bhfuil baint aige / aici leat in ábhar lena mbaineann an fheidhm, ní mór duit, a luaithe is féidir, ráiteas i scríbhinn faoi shonraí an cháis a ullmhú agus a chur ar fáil don údarás cuí. Níor cheart duit an fheidhm a dhéanamh mura bhfuil cúiseanna dosheachanta ann a éilíonn go ndéanfá. Sa chás go bhfuil i gceist agat an fheidhm a dhéanamh, ba cheart duit, roimh a dhéanamh nó, mura bhfuil sin praiticiúil ar bhonn réasúnach, a luaithe is féidir ina dhiaidh, ráiteas i scríbhinn faoi na cúiseanna dosheachanta a ullmhú agus a chur ar fáil don údarás cuí. Tá míniú ar cad is bri leis na tearmaí "duine bainteach" agus "leas ábartha" ar fáil i gCuid 8 (Mínithe) de na treoirlínte.
Tá na dliteanais thuas maidir le leas ábharach i gceist sa chás gur nochtaíodh an leas i ráiteas bhliantúil faoi leasa inchláraithe nó sa chás nár nochtaíodh.
Baineann na dualgais a leagtar amach thuas le sealbhóirí agus fostaithe oifigí agus phoist áirithe atá ina bpoist shainithe fostaíochta de réir forordaithe. Tugtar liosta de na hoifigí agus de na poist i gCuid 5 de na treoirlínte.
Tá dualgais ar Sheirbhísigh Poiblí a cheaptar i bpost sinsearach maidir le himréiteach cánach mar a leagtar amach i gCuid 6 de na treoirlínte.
Sa chás go gceaptar i bpost sinsearach tú, ní mór duit na cáipéisí seo a leanas a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán, tráth nach faide ná naoi mí tar éis dháta an cheapacháin:
- Deimhniú Imréitigh Cánach (ní mór gur Deimhniú Imréitigh Cánach é a d’eisigh an Príomhbhailitheoir Cánach taobh istigh de thréimhse naoi mí roimh nó tar éis dháta an cheapacháin), nó
- Ráiteas Iarratais a d’eisigh an Príomhbhailitheoir Cánach, tar éis d’iarratas theacht, mar gheall ar iarratas a bheith déanta agat ar Dheimhniú Imréitigh Cánach agus á rá nach bhfuil cinneadh déanta mar gheall ar an iarratas go fóill (ní mór gur Ráiteas Iarratais é a eisíodh chugat taobh istigh de thréimhse naoi mí roimh nó tar éis dháta an cheapacháin) agus
- Dearbhú Reachtúil, ar dearbhú é a rinne tú de réir an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938, arna leasú, arna dhearbhú go bhfuil tú, ag tráth a dhéanta, chomh fada agus is eol nó is dóigh leat, ag comhlíonadh na ndualgas a leagtar ort faoi na hAchtanna Cánach agus nach eol duit aon ní a chuirfeadh bac ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a eisiúint (ní mór duit an Dearbhú Reachtúil a dhéanamh taobh istigh de thréimhse aon mhí amháin roimh nó tar éis dháta an cheapacháin).
Tá na foirmeacha cúí ar fáil ar an tsuíomh idirlín seo.
Tá tuilleadh eolais shonraithe maidir le do chuid dualgas faoi na hAchtanna Eitice ar fáil san fhoilseachán seo a leanas:
Treoirlínte maidir le Teacht le Forálacha na nAchtanna um Eitic in OifigíPoiblí 1995 agus 2001 – Seirbhísigh Poiblí (An Ceathrú Eagrán)