Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Sealbhóirí Oifige

Tagann dualgais áirithe i gceist do Shealbhóirí Oifige faoin Acht um Eitic in OifigíPoiblí 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 ar a dtugtar in éineacht na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 (na hAchtanna Eitice). Is Sealbhóir Oifige an Taoiseach, an Tánaiste, Aire, Aire Stáit agus an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach ar Dháil nó ar Sheanad Éireann. Tugtar cur síos ar na dualgais a thagann i gceist faoi na ceannteidil seo a leanas:

Dualgais faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú, (na hAchtanna Toghcháin).

I do Chomhalta de Thithe an Oireachtais duit, tá dlite ort, faoi na hAchtanna Toghcháin Ráiteas Síntiús agus Dearbhú Reachtúil a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán) faoin 31 Eanáir gach bliain. Ní mór duit gach síntiús dar luach, nó dar luach comhiomlán ón síntiúsóir amháin, is mó ná €634.87 a fuarthas i rith na bliana dar críoch an 31 Nollaig roimhe sin a nochtadh.

Tá dlite ar Chomhalta de Thithe an Oireachtais a fhaigheann síntiús airgid is mó ná €126.97 cuntas shíntiús pholaitiúil a oscailt agus a choinneáil. Sa chás go bhfuil dlite ort cuntas shíntiús pholaitiúil a oscailt, nímór duit faisnéis áirithe maidir leis an gcuntas sin a chur ar fáil gach bliain do Choimisiún na gCaighdeán.

Tá toirmeasctha ort i do Chomhalta de Thithe an Oireachtais duit glacadh le síntiúis dar luach is mó ná €126.97 nach luaitear ainm leo. Tá toirmeasctha ort chomh maith glacadh le síntiúis as tíortha iasachta gan bheann ar a luach agus le síntiúis dar luach is airde ná an uasteorainn shonraithe (€2,539.48 ón síntiúsóir amháin in aon bhliain amháin).

Tugtar de shainmhíniú ar shíntiús san Acht, cion tairbhe chun críche polaitiúil ar a n-áireofaí airgead, maoin talún, earraí nó úsáid earraí, maoin talún nó seirbhísí in aisce nó faoi bhun an chostais. Áirítear mar shíntiús chomh maith luach glan an chion tairbhe a dhéanfaí i gcás imeachtaí chruinniú ciste.

Tá breis eolais do Chomhaltaí de Thithe an Oireachtais maidir leis na dualgais a thagann chun cinn faoi na hAchtanna Toghcháin ar fáil in: “Treoirlínte do Chomhaltaí de Thithe an Oireachtais agus de Pharlaimint na hEorpa maidir leis na bearta atá le déanamh i leith síntiús agus síntiúis thoirmeasctha." - (Leagan Bearla).  Tá comhairle maidir leis na hAchtanna Toghcháin ar fáil ó Choimisiún na gCaighdeán.

Dualgais na gComhaltaí (ar Sealbhóirí Oifige iad) faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 (na hAchtanna Eitice).

Dualgais maidir le leasa a nochtadh.

Faoi na hAchtanna Eitice, tá dlite ort i do Chomhalta de Thithe an Oireachtais duit ráiteas in aghaidh na bliana faoi do chuid leasa inchláraithe a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán. Ní mór an ráiteas a chur ar fáil faoin 31 Eanáir agus ba cheart go mbainfeadh sé le haon tréimhse nó tréimhsí i rith na bliana dar críoch an 31 Nollaig roimhe sin a raibh tú i do Chomhalta de cheachtar de na Tithe lena linn. Eiseoidh Coimisiún na gCaighdeán foirm chugat chun na críche sin go luath i mí Eanáir gach bliain. Cuirfear an ráiteas uait faoi leasa inchláraithe ar aghaidh chuig Cléireach Dháil Éireann nó Sheanad Éireann de réir mar is cuí. Cuirfear an ráiteas uait isteach sa chlár a shocróidh gach Cléireach den bheirt agus a leagfar os comhair Dháil Éireann nó Sheanad Éireann de réir mar is cuí. Nímór duit an fhoirm a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig Coimisiún na gCaighdeán má tá leasa le nochtadh agat nó mura bhfuil.

Tá dlite ar Chomhaltaí de Thithe an Oireachtais chomh maith dearbhú a thabhairt má tá i gceist acu labhairt nó vótáil in imeachtaí i gceachtar den dá Theach, ag coiste de cheachtar den dá Theach nó ag comhchoiste den dá Theach agus leas ábharach in ábhar na n-imeachtaí acu féin nó ag duine a bhaineann leo.

I do Shealbhóir Oifige duit, tá dualgais breise ort maidir le leasa a nochtadh. Tá dlite ort, i leith gach bliain a mbíonn nó a raibh post agat mar Shealbhóir Oifige lena linn, ráiteas ar leith a ullmhú agus a chur ar fáil don Chléireach cuí faoi na leasa inchláraithe atá ag do chéile, ag duine de do chlann nó ag duine de chlann do chéile a bhféadfadh tionchar ábharach a bheith acu ort i ndéanamh fheidhmeanna na hOifige nó maidir lena ndéanamh. Ráiteas faoi Leasa Breise a thugtar air sin. Ní mór an ráiteas a bheith faighte ag an gCléireach cuí faoin 31 Eanáir. Sa chás nach bhfuil aon leasa dá leithéid le nochtadh, iarrtar ort ráiteas nach bhfuil a chur ar fáil.

Sa chás gur tú an Taoiseach agus go bhfuil feidhm de chuid an phoist le déanamh agus fios dáiríre agat go bhfuil leas ábharach agat féin, nó ag duine a bhfuil baint aige / aici leat, in ábhar a bhaineann leis an bhfeidhm, ní mór duit, a luaithe is féidir, ráiteas i scríbhinn faoi shonraí an cháis agus faoi chineál an leasa a ullmhú agus a chur ar fáil do Chathaoirleach Choimisiún na gCaighdeán. Sa chás gur tú an Tánaiste nó gur Aire nó Aire Stáit tú, is don Taoiseach agus do Choimisiún na gCaighdeán is ceart aon ráiteas uait maidir le leas ábharach a chur ar fáil. Sa chás gur tú Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach na Dála nó an tSeanaid, is do Choimisiún na gCaighdeán is ceart aon ráiteas uaitse faoi leas ábharach a chur ar fáil.

Ní mór duit ráiteas a chur ar fáil chomh maith má tá i gceist agat féin, nó ag duine atá ag feidhmiú thar do cheann, iarratas a éileamh ar Shealbhóir Oifige eile maidir le déanamh feidhme ag an Sealbhóir Oifige eile sin agus fios dáiríre agatsa go bhfuil leas ábharach agat féin, nó ag duine a bhaineann leat, in ábhar a mbaineann an fheidhm leis.

Comhairle agus Treoirlínte

Tá cúram ar Choimisiún na gCaighdeán maidir le comhairle agus treoirlínte a chur ar fáil do Shealbhóirí Oifige maidir le bearta is gá a dhéanamh d’fhonn cinntiú go dtagtar le coinníollacha na nAchtanna Eitice.

Comhairleoirí Speisialta

Tá dlite ar aon Chomhairleoir Speisialta, ar mó an luach saothair a fhaigheann sé nó sí ná uasmhéid tuarastail (gnáthscála, ÁSPC Rang B) an Ardoifigigh Feidhmiúcháin sa Státseirbhís, ráiteas faoi leasa inchláraithe agus ráiteas faoi leasa breise (céile nó clainne) a chur ar fáil don Sealbhóir Oifige a fhostaíonn é / í agus do Choimisiún na gCaighdeán, tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain, sa chás go bhféadfadh na leasa tionchar ábharach a bheith acu ar an gComhairleoir Speisialta i ndéanamh fheidhmeanna na Comhairleoireachta Speisialta.

I do Shealbhóir Oifige duit, tá dlite ort na cáipéisí seo a leanas maidir le gach duine de do chuid Comhairleoirí Speisialta a leagan os comhair an dá Theach de Thithe an Oireachtais:

(i) cóip den chonradh, nó ráiteas i scríbhinn faoi na téarmaí agus na coinníollacha, faoina bhfuil nó a raibh an duine ag feidhmiú ina Chomhairleoir / Comhairleoir Speisialta,
(ii) cóip den ráiteas faoi leasa inchláraithe an Chomhairleora Speisialta féin (gan leasa an chéile ná na clainne a lua) a chuir an Comhairleoir Speisialta ar fáil duit,
(iii) ráiteas a léiríonn má tá gaol agat leis an gComhairleoir Speisialta nó nach bhfuil, agus
(iv) ráiteas faoi cháilíochtaí an Chomhairleora Speisialta chomh fada agus a bhaineann le feidhmeanna an Chomhairleora Speisialta.

Ba chóir a thabhairt ar aird go bhfuil dlite ort na cáipéisí a luaitear thuas ag (i) agus (iii) agus sin amháin a leagan os comhair an dá Theach de Thithe an Oireachtais sa chás nach airde an luach saothair a fhaigheann an Comhairleoir Speisialta ná uasmhéid tuarastail (gnáthscála, ÁSPC Rang B) an Ardoifigigh Feidhmiúcháin sa Státseirbhís.

Bronntanais

Tá dlite ort mar Shealbhóir Oifige scaradh le haon bhronntanas dar luach is airde ná €650 a thugtar, de bharr na hOifige agat, duit féin nó do do chéile, do dhuine de do chlann nó do dhuine de chlann do chéile. Áirítear gur don Stát a bhronntar aon bhronntanas dá leithéid agus beidh sé dílsithe don Aire Airgeadais. Ní mór don Sealbhóir Oifige RúnaíGinearálta an Rialtais a chur ar an eolas mar gheall air agus seilbh a choinneáil ar an mbronntanas atá i gceist thar ceann an Stáit go dtí go bhfaightear treoir an Rúnaí Ginearálta maidir lena dhiúscairt.

Dualgais maidir le comhlíonadh cúrsaí cánach.

Tá dualgais ar gach Comhalta de Thithe an Oireachtais faoi na hAchtanna Eitice maidir le comhlíonadh cúrsaí cánach. Ní mór do Chomhaltaí de Thithe an Oireachtais Deimhniú Imréitigh Cánach nó Ráiteas Iarratais a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán tráth nach faide ná naoi mí tar éis a dtofa chun na Dála nó tar éis a dtofa nó a n-ainmnithe chun an tSeanaid. Ní mór gur Deimhniú Imréitigh Cánach nó Ráiteas Iarratais é a heisíodh tráth nach faide ná naoi mí roimh nó naoi mí tar éis dháta an toghcháin nó an ainmniúcháin.

Nímór do Chomhaltaí de Thithe an Oireachtais Dearbhú Reachtúil a dhéanamh chomh maith go bhfuil a gcuid dualgas maidir le cúrsaí cánach comhlíonta acu agus nach bhfuil aon ní a chuirfeadh bac ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a eisiúint chucu. Ní mór an Dearbhú Reachtúil a dhéanamh tráth nach faide ná aon mhí amháin roimh nó aon mhí amháin tar éis dháta an toghcháin nó an ainmniúcháin agus é a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán tráth nach faide ná naoi mí tar éis dháta an toghcháin nó an ainmniúcháin.

Cóid Iompair

Tá dlite ar Shealbhóirí Oifige de réir dlí aird a thabhairt ar agus treoir a ghlacadh ó “An Cód Iompair do Shealbhóirí Oifige” a dhréachtaigh an Rialtas agus a d’fhoilsigh Coimisiún na gCaighdeán.

Tugtar eolas níos mine maidir leis na dualgais faoina hAchtanna Eitice sna foilseacháin seo a leanas:



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|