- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Oifigeach rochtana
- Aonaid Chuntasaíochta
- Oifigigh Iomchuí na bPáirtithe Polaitiúla
- An tArd-Aighne
- Iarrthóirí
- Státseirbhísigh
- Gníomhairí Toghcháin
- Grúpaí Stocaireachta / Feachtaisíochta
- Comhaltaí Bord na gComhlachtaí Stáit
- Comhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa (MEPanna)
- Gníomhaire Náisiúnta
- Sealbhóirí Oifige
- Leathanach d'Fhoilsitheoirí
- Seirbhísigh Poiblí
- Ceannairí Parlaiminte na bPáirtithe Polaitiúla Incháilithe
- Comhairleoirí Speisialta
- Comhaltaí Thithe an Oireachtais
- Triú Páirtithe
- Foirmeacha
Oifigigh Iomchuí na bPáirtithe Polaitiúla
Foráiltear, in Alt 71 den Acht Toghcháin 1997, arna leasú, (an tAcht) nach mór do gach páirtí polaitiúil Oifigeach Iomchuí a cheapadh. Tá dlite ar an Oifigeach Iomchuí faoin Acht roinnt feidhmeanna a dhéanamh mar seo a leanas:
- Tá an tOifigeach Iomchuí freagrach as Ráiteas Síntiús bhliantúil an pháirtí a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán).
- Sa chás gur páirtí atá i gceist atá incháilithe d’fhonn airgeadú a fháil ón Stát faoin Acht, tá an tOifigeach Iomchuí freagrach as an Ráiteas faoi Chaiteachas ar Airgead ón Státchiste móide tuarascáil an iniúchóra a théann leis sin a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán.
- Ní mór don Oifigeach Iomchuí sonraí a chur in iúl do Choimisiún na gCaighdeán ar bhonn bliantúil maidir le haon bhrainse nó fo-eagras de chuid an pháirtí atá ina nAonaid Chuntasaíochta chun críche an Achta agus sonraí a chur ar fáil maidir leis an duine freagrach i gcás gach Aonad Cuntasaíochta acu.
Ní mór ainm agus seoladh Oifigeach Iomchuí an Pháirtí a chur in iúl do Choimisiún na gCaighdeán. Sa chás gur páirtí atá i gceist atá incháilithe d’fhonn airgeadú a fháil ón Stát faoin Acht, ní mór sonraí faoin Oifigeach Iomchuí a chur in iúl don Aire Airgeadais chomh maith.
Sa chás, ag am ar bith, nach mbíonn aon Oifigeach Iomchuí ceaptha, áirítear gurb é ceannaire an pháirtí an tOifigeach Iomchuí.
Sa chás go mbíonn iarrthóirí san iomaíocht i dtoghchán don Dáil nó do Pharlaimint na hEorpa ag páirtí polaitiúil, tá dlite ar an bpáirtí, de réir na bhforálacha in alt 28(1)(a) an Achta, “gníomhaire náisiúnta” a cheapadh (féach leathanach ar leithligh maidir leis na dualgais a bhaineann leis an ngíomhaire náisiúnta faoin Acht). Sa chás nach bhfuil gníomhaire náisiúnta ceaptha, áirítear an tOifigeach Iomchuí a bheith ina ghníomhaire náisiúnta ag an bpáirtí agus is é atá freagrach as dul i gcostas toghcháin thar ceann an pháirtí sa toghchán. Tá dlite ar an Oifigeach Iomchuí, mar ghníomhaire náisiúnta, Ráiteas faoi Chostais Toghcháin a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán.
Tá breis eolais sna cáipéisí seo a leanas maidir leis na dualgais a bhaineann leis an Oifigeach Iomchuí faoin Acht:
- Treoirlínte do Pháirtithe Polaitiúla maidir leis na bearta atá le déanamh i leith síntiús agus síntiúis thoirmeasctha.
- Treoirlínte do pháirtithe polaitiúla maidir le hAirgeadú ón Státchiste faoin Acht Toghcháin, 1997.
- Treoirlínte maidir le corrthoghcháin 11 Márta 2005 don Dáil i gCill Dara Thuaidh agus sa Mhí