- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Oifigeach rochtana
- Aonaid Chuntasaíochta
- Oifigigh Iomchuí na bPáirtithe Polaitiúla
- An tArd-Aighne
- Iarrthóirí
- Státseirbhísigh
- Gníomhairí Toghcháin
- Grúpaí Stocaireachta / Feachtaisíochta
- Comhaltaí Bord na gComhlachtaí Stáit
- Comhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa (MEPanna)
- Gníomhaire Náisiúnta
- Sealbhóirí Oifige
- Leathanach d'Fhoilsitheoirí
- Seirbhísigh Poiblí
- Ceannairí Parlaiminte na bPáirtithe Polaitiúla Incháilithe
- Comhairleoirí Speisialta
- Comhaltaí Thithe an Oireachtais
- Triú Páirtithe
- Foirmeacha
Leathanach d'Fhoilsitheoirí
Foráiltear faoi Alt 31(10) den Acht Toghcháin 1997, arna leasú, (an tAcht) nach bhfoilseoidh foilsitheoir nuachtáin, irise ná tréimhseacháin eile aon fhógra bolscaireachta ná eolais maidir le toghchán don Dáil ná toghchán do Pharlaimint na hEorpa atá in ainm is a bheith ag cur leasa pháirtí polaitiúil ná leasa iarrthóra sa toghchán chun cinn ná ag cur ina n-aghaidh, go díreach ná go hindíreach, mura n-iarrann duine acu seo a leanas sin:
- gníomhaire náisiúnta pháirtí polaitiúil, nó duine arna údarú i scríbhinn ag gníomhaire dá leithéid, nó
- iarrthóir sa toghchán, gníomhaire toghcháin an iarrthóra nó duine arna údarú i scríbhinn ag iarrthóir nó gníomhaire dá leithéid, nó
- duine a chuireann i láthair an fhoilsitheora teastas ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán) arna dhearbhú go dtagann an té sin leis na forálacha in alt 31(7) an Achta maidir leis an toghchán.
Foráiltear faoi Alt 52(9) an Achta nach bhfoilseoidh foilsitheoir nuachtáin, irise ná tréimhseacháin eile aon fhógra bolscaireachta ná eolais maidir le toghchán don uachtaránacht atá in ainm is a bheith ag cur leasa iarrthóra sa toghchán chun cinn nó ag cur ina n-aghaidh, go díreach nó go hindíreach, mura n-iarrann duine acu seo a leanas sin:
- iarrthóir sa toghchán, gníomhaire toghcháin an iarrthóra nó duine arna údarú i scríbhinn ag iarrthóir nó gníomhaire dá leithéid, nó
- duine a chuireann i láthair an fhoilsitheora teastas ó Choimisiún na gCaighdeán arna dhearbhú go dtagann an té sin leis na forálacha in alt 52(6) an Achta maidir leis an toghchán.
(Tá tuilleadh eolais maidir lena n-éilítear faoi ailt 31(7) agus 52(6) an Achta ar fáil ar leathanach na nGrúpaí Stocaireachta / Feachtaisíochta ar an suíomh idirlín seo)
Níl sé i gceist le hAilt 31(10) agus 52(9) an Achta, thuas, cosc ná srianadh a dhéanamh ar fhoilsiú dlíthiúil aon ábhair maidir le toghchán i nuachtán ná i bhfoilseachán eile, ná craoladh a leithéid d’ábhar ar raidió ná teilifís ná nochtadh dlíthiúil ar thuairim maidir le haon ábhar ar díol suime ag an bpobal é ag aon duine, agus níor cheart go mbainfí an chiall sin astu.
Is cion é ag foilsitheoir nuachtáin, irise nó tréimhseacháin eile teip i gcomhlíonadh fhorálacha alt 31(10) nó 52(9) an Achta. Sa chás go gciontófaí foilsitheoir ina leithéid de chion, bheadh sé / sí infheáilte, ar a chiontú / ciontú go hachomair, le fíneáil nach mó ná €1,269.74.
Tá de ghnás ag Coimisiún na gCaighdeán scríobh chuig foilsitheoirí nuachtán, irisí agus tréimhseachán eile roimh na toghcháin ag leagan amach na dliteanais dhlíthiúla de réir mar a leagtar amach thuas iad.