Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Iarrthóirí

Tá dlite ar gach iarrthóir i dtoghchán don Dáil, do Pharlaimint na hEorpa nó don uachtaránacht faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú, (an tAcht) gníomhaire toghcháin a cheapadh chun caiteachas a bhaineann le feachtas toghcháin an iarrthóra a údarú agus a rialú. Áirítear iarrthóir nach gceapann gníomhaire toghcháin a bheith ag feidhmiú mar ghníomhaire toghcháin aige / aici féin agus tá iarrthóir dá leithéid freagrach as na dualgais dhlíthiúla a bhaineann le gníomhaire toghcháin faoin Acht a chomhlíonadh. (Tá leathanach ar leithligh ina leagtar amach na dualgais sin ar fáil anseo)

Ní mór d’iarrthóirí i dtoghcháin don Dáil, don Seanad, do Pharlaimint na hEorpa agus don uachtaránacht cloí lena n-éilítear faoin Acht maidir le glacadh le síntiúis.

Is den tábhacht é go gcoinneodh iarrthóirí tuairisc ar na síntiúis a fhaightear maidir leis an toghchán ó éileofar go gcuirfidh siad Ráiteas faoi Shíntiúis agus Dearbhú Reachtúil ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán) tar éis an toghcháin. Ní mór gach síntiús is airde luach ná €634.87 a nochtadh. Toirmeasctar glacadh le síntiúis de chineálacha áirithe.

Sa chás nach n-éiríonn le hiarrthóir i dtoghchán don Dáil, don Seanad nó do Pharlaimint na hEorpa, ní mór dó / di Ráiteas faoi Shíntiúis a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán taobh istigh de 56 lá ó lá na vótaíochta. Tá dlite ar iarrthóir a n-éiríonn leis / léi, mar TD, mar Sheanadóir nó mar Chomhalta de Pharlaimint na hEorpa Ráiteas faoi Shíntiúis in aghaidh na bliana a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán faoin 31 Eanáir gach bliain.

Nímór d’iarrthóir a fhaigheann, in aon bhliain faoi leith, síntiús airgid is mó ná €126.97 cuntas do shíntiúis pholaitiúla a oscailt agus a choinneáil i bhforas airgeadais sa Stát. Ní mór an chéad síntiús sin, móide aon síntiúis airgid bhreise, gan bheann ar a luach, a chur chun sochair an chuntais. Nímór Teastas Shíntiúis Airgid agus Dearbhú Reachtúil agus ráiteas ón bhforas airgeadais ina sonraítear na bearta a rinneadh maidir leis an gcuntas a chur in éineacht leis an Ráiteas faoi Shíntiúis ón iarrthóir.

I gcás toghcháin don uachtaránacht, tá gníomhaire toghcháin an iarrthóra freagrach as Ráiteas faoi Shíntiúis a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán chomh maith le Teastas Shíntiúis Airgid agus ráiteas ó fhoras airgeadais más cuí sin. Ní mór sin a dhéanamh taobh istigh de 56 lá ó lá na vótaíochta, má toghadh an t-iarrthóir nó murar toghadh.

Tabharfaidh na foilseacháin seo a leanas breis eolais d’iarrthóirí maidir lena gcuid dualgas faoin Acht:



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|