Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Gníomhairí Toghcháin

Tá dlite ar gach iarrthóir i dtoghcháin don Dáil agus do Pharlaimint na hEorpa faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú, (an tAcht) gníomhaire toghcháin a cheapadh. (Féach thíos maidir le toghcháin don uachtaránacht.) Ní mór don iarrthóir ainm agus seoladh oifige an ghníomhaire toghcháin a chur ar fáil i scríbhinn do Cheann Comhairimh an toghcheantair ina bhfuil an t-iarrthóir ag rith. Cuirfidh an Ceann Comhairimh ina dhiaidh sin an t-eolas sin ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán). Áirítear iarrthóir nach gcuireann in iúl don Cheann Comhairimh go bhfuil gníomhaire toghcháin ceaptha a bheith ag feidhmiúmar ghníomhaire toghcháin aige / aici féin.

Is é an gníomhaire toghcháin an príomhphointe caidrimh ag Coimisiún na gCaighdeán maidir le costais a dtéitear iontu thar ceann an iarrthóra ag an toghchán. Is í an phríomhfheidhm atá leis an ngníomhaire toghcháin, údarú agus rialú a dhéanamh ar an gcaiteachas a bhaineann le feachtas toghcháin an iarrthóra. Is é an gníomhaire toghcháin amháin a fhéadfaidh dul i gcostas nó íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann an iarrthóra. Ní mór don ghníomhaire toghcháin oifig nó áit a bheith aige / aici sa toghcheantar, nó ina ghaobhar, ar féidir éilimh, fógraí, eascairí, toghairmeacha agus cáipéisí chuige.

Tá dlite ar an ngníomhaire toghcháin Ráiteas Chostais Thoghcháin agus Dearbhú Reachtúil a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán tar éis an toghcháin. Ní mór don ghníomhaire toghcháin, sa ráiteas sin, sonraímaidir le gach costas ina ndeachthas agus gach íocaíocht a rinne an gníomhaire nó a rinneadh thar a cheann maidir leis an iarrthóir sa toghchán a nochtadh do Choimisiún na gCaighdeán. Ní mór an ráiteas arna chomhlíonadh móide gach sonrasc, admháil nó dearbhán, a fháil ag Coimisiún na gCaighdeán taobh istigh de 56 lá ó lá na vótaíochta.

I gcás toghcháin don uachtaránacht, tá dlite ar gach iarrthóir sonraí maidir le ceapadh ghníomhaire toghcháin a thabhairt do Cheann Comhairimh na hUachtaránachta a chuirfidh in iúl do Choimisiún na gCaighdeán iad ina dhiaidh sin. Chomh maith le Ráiteas Chostais Thoghcháin agus Dearbhú Reachtúil a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán tar éis an toghcháin, tá an ghníomhaire toghcháin i gcás toghcháin uachtaránachta freagrach chomh maith as síntiúis a fhaigheann an t-iarrthóir i ndáil leis an toghchán a nochtadh agus ní mór, maidir leis sin, Ráiteas Shíntiús agus Dearbhú Reachtúil a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán taobh istigh den tréimhse 56 lá céanna.

Tugtar breis eolais do ghníomhairí toghcháin sna foilseacháin seo a leanas maidir lena gcuid dualgas faoin Acht:

  • Treoirlínte maidir le corrthoghcháin an 11 Márta 2005 don Dáil i gCill Dara Thuaidh agus sa Mhí
  • Treoirlínte maidir leis an toghchán don uachtaránacht an 22 Deireadh Fómhair 2004
  • Treoirlínte maidir leis an toghchán do Pharlaimint na hEorpa an 11 Meitheamh 2004


This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|