Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Gníomhaire Náisiúnta

Tá dlite ar gach páirtí polaitiúil a bhfuil iarrthóir aige i dtoghchán don Dáil nó do Pharlaimint na hEorpa gníomhaire náisiúnta a cheapadh faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú, (an tAcht). Is é an gníomhaire náisiúnta amháin a fhéadfaidh dul i gcostas nó íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann an pháirtí ag an toghchán. (Is féidir leis an ngníomhaire, ina dhiaidh sin féin, údarú do dhaoine eile dul i gcostas nó íocaíochtaí a dhéanamh thar ceann an ghníomhaire.)

Ní mór don pháirtí polaitiúil sonraí maidir leis an ngníomhaire náisiúnta a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán) tráth nach déanaí ná an lá deireanach a nglactar le hainmniúcháin don toghchán. I gcás nach gcuirtear an t-eolas sin ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán taobh istigh den tréimhse ama sin, áireofar Oifigeach Iomchuí an pháirtí a bheith mar ghníomhaire náisiúnta don toghchán aige. (Tá teacht ar leathanach ar leithligh ina leagtar amach na dualgais a bhaineann le hOifigigh Iomchuí anseo). Sa chás nach bhfuil Oifigeach Iomchuí ceaptha, áireofar gurb é ceannaire an pháirtí gníomhaire náisiúnta an pháirtí don toghchán.

Is féidir le hiarrthóir atá san iomaíocht thar ceann páirtí polaitiúil i dtoghchán sciar den uasmhéid caiteachais reachtúil maidir leis / léi féin a shannú don pháirtí d’fhonn a chaite maidir leis an toghchán ag gníomhaire náisiúnta an pháirtí. Is é iomlán na suimeanna atá sannaithe don pháirtí ag na hiarrthóirí an t-aon chaiteachas a cheadaítear thar ceann an pháirtí i ndáil leis an toghchán. Is féidir le gníomhaire náisiúnta airgead a chaitheamh ar iarrthóirí an pháirtí agus / nó ar fheachtas náisiúnta an pháirtí. Ní fhéadfaidh caiteachas an ghníomhaire náisiúnta maidir le haon iarrthóir faoi leith an tsuim atá sannaithe don pháirtí ag an iarrthóir sin a shárú.

Tá dlite ar an ngníomhaire náisiúnta Ráiteas Chostais Thoghcháin agus Dearbhú Reachtúil a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán taobh istigh de 56 lá tar éis lá na vótaíochta. Ní mór gach costas ina ndeachthas agus gach íocaíocht a rinne an gníomhaire náisiúnta nó a rinneadh thar a cheann a léiriú sa Ráiteas Chostais Thoghcháin.

I dtoghchán don Uachtaránacht, ní mór do ghníomhaire toghcháin an iarrthóra aon chaiteachas a dtéann páirtí polaitiúil ann thar ceann iarrthóra a údarú agus cuntas a thabhairt mar gheall air. Ní fhoráiltear do cheapadh gníomhaire náisiúnta i gcás toghcháin uachtaránachta.

Tugtar breis eolais do ghníomhairí náisiúnta sna foilseacháin seo a leanas maidir lena gcuid dualgas faoin Acht:

  • Treoirlínte maidir le corrthoghcháin an 11 Márta 2005 don Dáil i gCill Dara Thuaidh agus sa Mhí
  • Treoirlínte maidir leis an toghchán do Pharlaimint na hEorpa an 11 Meitheamh 2004


This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|