- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Oifigeach rochtana
- Aonaid Chuntasaíochta
- Oifigigh Iomchuí na bPáirtithe Polaitiúla
- An tArd-Aighne
- Iarrthóirí
- Státseirbhísigh
- Gníomhairí Toghcháin
- Grúpaí Stocaireachta / Feachtaisíochta
- Comhaltaí Bord na gComhlachtaí Stáit
- Comhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa (MEPanna)
- Gníomhaire Náisiúnta
- Sealbhóirí Oifige
- Leathanach d'Fhoilsitheoirí
- Seirbhísigh Poiblí
- Ceannairí Parlaiminte na bPáirtithe Polaitiúla Incháilithe
- Comhairleoirí Speisialta
- Comhaltaí Thithe an Oireachtais
- Triú Páirtithe
- Foirmeacha
Comhaltaí Thithe an Oireachtais
I do Chomhalta duit i nDáil nó i Seanad Éireann (Comhalta), ní mór duit teacht lena n-éilítear faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú. Ní mór duit teacht lena n-éilítear faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 chomh maith.
Dualgais faoin Acht Toghcháin 1997, arna leasú, (na hAchtanna).
I do Chomhalta duit, tá dlite ort, faoi na hAchtanna Toghcháin Ráiteas Síntiús agus Dearbhú Reachtúil a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán) faoin 31 Eanáir gach bliain. Ní mór duit gach síntiús dar luach, nó dar luach comhiomlán ón síntiúsóir amháin, is mó ná €634.87 a fuarthas i rith na bliana dar críoch an 31 Nollaig roimhe sin a nochtadh.
Tá dlite ar Chomhalta a fhaigheann síntiús airgid is mó ná €126.97 cuntas shíntiús pholaitiúil a oscailt agus a choinneáil. Sa chás go bhfuil dlite ort cuntas shíntiús pholaitiúil a oscailt, nímór duit faisnéis áirithe maidir leis an gcuntas sin a chur ar fáil gach bliain do Choimisiún na gCaighdeán.
Tá toirmeasctha ort i do Chomhalta duit glacadh le síntiúis dar luach is mó ná €126.97 nach luaitear ainm leo. Tá toirmeasctha ort chomh maith glacadh le síntiúis as tíortha iasachta gan bheann ar a luach agus le síntiúis dar luach is airde ná an uasteorainn shonraithe (€2,539.48 ón síntiúsóir amháin in aon bhliain amháin).
Tugtar de shainmhíniú ar shíntiús san Acht, cion tairbhe chun críche polaitiúil ar a n-áireofaí airgead, maoin talún, earraí nó úsáid earraí, maoin talún nó seirbhísí in aisce nó faoi bhun an chostais. Áirítear chomh maith luach glan an chion tairbhe a dhéanfaí i gcás imeachtaí chruinniú ciste.
Tá breis eolais do Chomhaltaí maidir lena gcuid dualgas faoi na hAchtanna Toghcháin ar fáil in: “Treoirlínte do Chomhaltaí de Thithe an Oireachtais agus de Pharlaimint na hEorpa maidir leis na bearta atá le déanamh i leith síntiús agus síntiúis thoirmeasctha (link). Tá comhairle maidir leis na hAchtanna Toghcháin ar fáil ó Choimisiún na gCaighdeán.
Dualgais na gComhaltaí (nach Sealbhóirí Oifige iad) faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 (na hAchtanna Eitice).
Sa chás go bhfuil tú i do Chomhalta agus go bhfuil tú i do Shealbhóir Oifige (i.e. Aire, Aire Stáit, Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach ar Dháil nó ar Sheanad Éireann) chomh maith, ba chóir duit leathanach na Sealbhóirí Oifige ar an láithreán gréasáin seo a cheadú. (link to Office Holder page)
Dualgais maidir le leasa a nochtadh.
Faoi na hAchtanna Eitice, tá dlite ort i do Chomhalta duit ráiteas in aghaidh na bliana faoi do chuid leasa inchláraithe a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán. Ní mór an ráiteas a chur ar fáil faoin 31 Eanáir agus ba cheart go mbainfeadh sé le haon tréimhse nó tréimhsí i rith na bliana dar críoch an 31 Nollaig roimhe sin a raibh tú i do Chomhalta de cheachtar de na Tithe lena linn. Eiseoidh Coimisiún na gCaighdeán foirm chugat chun na críche sin go luath i mí Eanáir. Cuirfidh Coimisiún na gCaighdeán do ráiteas faoi leasa inchláraithe ar aghaidh chuig Cléireach Dháil Éireann nó Sheanad Éireann de réir mar is cuí. Cuirfear an ráiteas uait isteach sa chlár a shocróidh gach Cléireach den bheirt agus a leagfar os comhair Dháil Éireann nó Sheanad Éireann de réir mar is cuí. Nímór duit an fhoirm a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig Coimisiún na gCaighdeán má tá leasa le nochtadh agat nó mura bhfuil.
Tá dlite ar Chomhaltaí chomh maith dearbhú a thabhairt má tá i gceist acu labhairt nó vótáil in imeachtaí i gceachtar den dá Theach, ag coiste de cheachtar den dá Theach nó ag comhchoiste den dá Theach agus leas ábharach in ábhar na n-imeachtaí acu féin nó ag duine a bhaineann leo.
Comhairle agus Treoirlínte
Tá cúram ar Choistí na Dála agus an tSeanaid maidir le Leasa na gComhaltaí i ndáil le chomhairle agus treoirlínte a chur ar fáil do Chomhaltaí nach Sealbhóirí Oifige iad maidir leis na bearta is gá a dhéanamh d’fhonn cinntiú go gcomhlíontar a n-éilítear faoi na hAchtanna Eitice. Ba chóir do Chomhaltaí nach Sealbhóirí Oifige iad na treoirlínte atá foilsithe ag an gCoiste cuí a cheadú i ndáil leis sin nó comhairle a iarraidh go díreach ar an gCoiste.
Cóid Iompair
Tá Cóid Iompair foilsithe ag Coimisiún na gCaighdeán do Chomhaltaí (nach Sealbhóirí Oifige iad) arna ndréachtadh ag gach ceann de na Coistí thuas. Éilítear ar na Comhaltaí faoi Alt 10 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 aird a thabhairt ar agus treoir a ghlacadh ón gCód a bhaineann le hábhar agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna agus mar gheall ar aon ní eile lena mbaineann an Cód. Cuirtear naisc leis na Cóid Iompair ar fáil thíos.
Cód Iompair do Chomhaltaí de Dháil Éireann (Link).
Cód Iompair do Chomhaltaí de Sheanad Éireann (Link).
Dualgais maidir le comhlíonadh cúrsaí cánach.
Tá dualgais ar gach Comhalta den Dáil agus den Seanad faoi na hAchtanna Eitice maidir le comhlíonadh cúrsaí cánach. Ní mór do Chomhaltaí Deimhniú Imréitigh Cánach nó Ráiteas Iarratais a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán tráth nach faide ná naoi mí tar éis a dtofa chun na Dála nó tar éis a dtofa nó a n-ainmnithe chun an tSeanaid. Ní mór gur Deimhniú Imréitigh Cánach nó Ráiteas Iarratais é a heisíodh tráth nach faide ná naoi mí roimh nó tar éis dháta an toghcháin nó an ainmniúcháin.
Nímór do Chomhaltaí DearbhúReachtúil a dhéanamh chomh maith go bhfuil a gcuid dualgas maidir le cúrsaí cánach comhlíonta acu agus nach bhfuil aon ní a chuirfeadh bac ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a eisiúint chucu. Ní mór an Dearbhú Reachtúil a dhéanamh tráth nach faide ná aon mhí amháin roimh nó tar éis dháta an toghcháin nó an ainmniúcháin agus é a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán tráth nach faide ná naoi mí tar éis dháta an toghcháin nó an ainmniúcháin.