Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Comhaltaí Bord na gComhlachtaí Stáit

Tagann dualgais áirithe i gceist do Chomhaltaí na Bord ag Comhlachtaí Stáit faoin Acht um Eitic in OifigíPoiblí 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 ar a dtugtar in éineacht na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 (na hAchtanna Eitice). Tugtar cur síos ar na dualgais a thagann i gceist faoi na ceannteidil seo a leanas:

Baineann na dliteanais maidir le nochtadh sna hAchtanna Eitice le daoine atá ina gComhaltaí de Bhoird ChomhlachtaíStáit a bhfuil forordú déanta i Rialacháin ag an Aire Airgeadais maidir lena gcuid stiúrthóireachta. Tugtar stiúrthóirí sainithe ar a leithéid de dhaoine.  Tá liosta de na stiúrthóireachta ainmnithe ar fáil in Aguisin 4 de na treoirlínte.

Tá dlite ort, i leith gach bliain a bhfuil nó a raibh stiúrthóireacht shainithe agat ar chomhlacht poiblí lena linn, ráiteas i scríbhinn a ullmhú agus a chur ar fáil d’aon oifigeach faoi leith a shocróidh an tAire Airgeadais agus don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán), i bhfoirm a shocróidh an tAire Airgeadais, faoi do chuid leasa inchláraithe móide leasa inchláraithe do chéile nó dhuine de do chlann nó dhuine de chlann do chéile a bhfuil eolas dáiríre agat orthu agus a bhféadfadh tionchar ábharach a bheith acu ort i ndéanamh do chuid feidhmeanna nó maidir lena ndéanamh. Sa chás nach bhfuil aon leasa dá leithéid le nochtadh, iarrtar ort ráiteas a chur ar fáil ag rá nach bhfuil.  Tá tuilleadh sonraí maidir leis na ceanglais ina leith seo ar fáil i gCuid 7 de na treoirlínte.  Tá na foirmeacha ar fáil ar shuíomh idirlín an Roinn Airgeadais

Chomh maith leis sin, sa chás go bhfuil feidhm de chuid na stiúrthóireachta, nó feidhm de chuid aon oifige nó poist eile atá agat sa chomhlacht poiblí, le déanamh agus fios dáiríre agat go bhfuil leas ábharach agat féin, nó ag duine a bhfuil baint aige / aici leat in ábhar lena mbaineann an fheidhm, ní mór duit, a luaithe is féidir, ráiteas i scríbhinn faoi shonraí an cháis a ullmhú agus a chur ar fáil do stiúrthóirí eile an chomhlachta. Níor cheart duit an fheidhm a dhéanamh mura bhfuil cúiseanna dosheachanta ann a éilíonn go ndéanfá. Sa chás go bhfuil i gceist agat an fheidhm a dhéanamh, ba cheart duit, roimh a dhéanamh nó, mura bhfuil sin praiticiúil ar bhonn réasúnach, a luaithe is féidir ina dhiaidh, ráiteas i scríbhinn faoi na cúiseanna dosheachanta a ullmhú agus a chur ar fáil do na stiúrthóirí eile agus do Choimisiún na gCaighdeán. Tá míniú ar cad is bri leis na tearmaí "duine bainteach" agus "leas ábartha" ar fáil i gCuid 8 (Mínithe) de na treoirlínte. 

Tá na dliteanais thuas maidir le leas ábharach i gceist sa chás gur nochtaíodh an leas i ráiteas bhliantúil faoi leasa inchláraithe nó sa chás nár nochtaíodh.

Tá dualgais ar Chomhalta de Bhord Chomhlacht Stáit a cheaptar i bpost sinsearach maidir le himréiteach cánach mar a leagtar amach í gCuid 6 de na treoirlínte.

Sa chás go gceaptar i bpost sinsearach tú, ní mór duit na cáipéisí seo a leanas a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán, tráth nach faide ná naoi mí tar éis dháta an cheapacháin:

  • Deimhniú Imréitigh Cánach (ní mór gur Deimhniú Imréitigh Cánach é a d’eisigh an Príomhbhailitheoir Cánach taobh istigh de thréimhse naoi mí roimh nó tar éis dháta an cheapacháin),
  • Ráiteas Iarratais a d’eisigh an Príomhbhailitheoir Cánach, tar éis d’iarratas theacht, mar gheall ar iarratas a bheith déanta agat ar Dheimhniú Imréitigh Cánach agus á rá nach bhfuil cinneadh déanta mar gheall ar an iarratas go fóill (ní mór gur Ráiteas Iarratais é a eisíodh chugat taobh istigh de thréimhse naoi mí roimh nó tar éis dháta an cheapacháin) agus
  • Dearbhú Reachtúil, ar dearbhú é a rinne an duine ceaptha de réir an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938, arna leasú, arna dhearbhú go bhfuil tú, ag tráth a dhéanta, chomh fada agus is eol nó is dóigh leat, ag comhlíonadh na ndualgas a leagtar ort faoi na hAchtanna Cánach agus nach eol duit aon ní a chuirfeadh bac ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a eisiúint (ní mór don duine an Dearbhú Reachtúil a dhéanamh taobh istigh de thréimhse aon mhí amháin roimh nó tar éis dháta an cheapacháin).

Tá na foirmeacha cuí ar fáil faoi Foirmeacha ar an tsuíomh idirlín seo.

Tá tuilleadh eolais shonraithe maidir le do chuid dualgas faoi na hAchtanna Eitice ar fáil san fhoilseachán seo a leanas:

Treoirlínte maidir le Teacht le Forálacha na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 – Seirbhísigh Poiblí (An Ceathrú Eagrán)



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|