- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Oifigeach rochtana
- Aonaid Chuntasaíochta
- Oifigigh Iomchuí na bPáirtithe Polaitiúla
- An tArd-Aighne
- Iarrthóirí
- Státseirbhísigh
- Gníomhairí Toghcháin
- Grúpaí Stocaireachta / Feachtaisíochta
- Comhaltaí Bord na gComhlachtaí Stáit
- Comhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa (MEPanna)
- Gníomhaire Náisiúnta
- Sealbhóirí Oifige
- Leathanach d'Fhoilsitheoirí
- Seirbhísigh Poiblí
- Ceannairí Parlaiminte na bPáirtithe Polaitiúla Incháilithe
- Comhairleoirí Speisialta
- Comhaltaí Thithe an Oireachtais
- Triú Páirtithe
- Foirmeacha
Comhairleoirí Speisialta
Tagann dualgais áirithe i gceist do Chomhairleoirí Speisialta faoin Acht um Eitic in OifigíPoiblí 1995 agus faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 ar a dtugtar in éineacht na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 (na hAchtanna Eitice).
Baineann na dliteanais maidir le nochtadh sna hAchtanna Eitice le Comhairleoirí Speisialta sa chás gur mó an luach saothair a fhaigheann sé nó sí ná uasmhéid tuarastail (gnáthscála, ÁSPC Rang B) an Ardoifigigh Feidhmiúcháin sa Státseirbhís.
Tá dlite ort, i leith gach bliain a bhfuil nó a raibh post agat mar Chomhairleoir Speisialta lena linn, ráiteas i scríbhinn a ullmhú agus a chur ar fáil, don Sealbhóir Oifige a bhaineann le hábhar agus don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán), i bhfoirm arna shocrú ag an Aire Airgeadais, faoi do chuid leasa inchláraithe móide ráiteas ar leithligh faoi leasa inchláraithe do chéile nó dhuine de do chlann nó dhuine de chlann do chéile a bhféadfadh tionchar ábharach a bheith acu ort i ndéanamh do chuid feidhmeanna nó maidir lena ndéanamh. Sa chás nach bhfuil aon leasa dá leithéid le nochtadh, iarrtar ort ráiteas a chur ar fáil ag rá nach bhfuil. Má scortar den cheapachán i rith na bliana, ní mór duit ráitis i leith na bliana sin a chur ar fáil laistigh de 28 lá de dheireadh a theacht leis an gceapachán. Tá na foirmeacha cuí ar fáil ar shuíomh idirlín an Roinn Airgeadais.
Chomh maith leis sin, sa chás go bhfuil feidhm de chuid do phoist le déanamh agus fios dáiríre agat go bhfuil leas ábharach agat féin, nó ag duine a bhfuil baint aige / aici leat in ábhar lena mbaineann an fheidhm, ní mór duit, a luaithe is féidir, ráiteas i scríbhinn faoi shonraí an cháis agus faoi chineál an leasa a ullmhú agus a chur ar fáil don Sealbhóir Oifige agus do Choimisiún na gCaighdeán. Níor cheart duit an fheidhm a dhéanamh mura bhfuil cúiseanna dosheachanta ann lena dhéanamh. Sa chás go bhfuil i gceist agat an fheidhm sin a dhéanamh, ba cheart duit, roimh a dhéanamh nó, mura bhfuil sin praiticiúil ar bhonn réasúnach, a luaithe is féidir ina dhiaidh, ráiteas i scríbhinn faoi na cúiseanna dosheachanta a ullmhú agus a chur ar fáil don sealbhóir oifige agus do Choimisiún na gCaighdeán. Tá míniú ar cad is bri leis na teamaí "duine bainteach" agus "leas ábartha" ar fáil i gCuid 8 (Mínithe) de na treoirlínte do sheirbhísigh phoiblí.
Tá sin thuas maidir le leas ábharach dlite ort sa chás gur nochtaíodh an leas i ráiteas bhliantúil faoi leasa inchláraithe nó sa chás nár nochtaíodh.
Sa chás gur mó an luach saothair a fhaigheann tú ná uasmhéid tuarastail (gnáthscála, ÁSPC Rang B) an Ardoifigigh Feidhmiúcháin sa Státseirbhís, tá dlite ar an sealbhóir oifige dá bhfuil, nó dá raibh, tú ag feidhmiú na cáipéisí seo a leanas a leagan os comhair an dá Theach de Thithe an Oireachtais:
(i) cóip den chonradh, nó ráiteas i scríbhinn faoi na téarmaí agus na coinníollacha, faoina bhfuil nó a raibh tú ag feidhmiú i do Chomhairleoir Speisialta,
(ii) cóip den ráiteas faoi do chuid leasa inchláraithe féin (gan leasa do chéile ná do clainne a lua) a chuir tú ar fáil don Sealbhóir Oifige,
(iii) ráiteas a léiríonn má tá gaol agat leis an sealbhóir oifige nó nach bhfuil, agus
(iv) ráiteas faoi do chuid cáilíochtaí chomh fada agus a bhaineann le do chuid feidhmeanna i do Chomhairleoir Speisialta duit.
Sa chás nach airde an luach saothair a fhaigheann tú ná uasmhéid tuarastail (gnáthscála, ÁSPC Rang B) an Ardoifigigh Feidhmiúcháin sa Státseirbhís, is iad na cáipéisí a luaitear ag (i) agus (iii) thuas amháin atá dlite ar an sealbhóir oifige dá bhfuil nó dá raibh tú ag feidhmiú a leagan os comhair an dá Theach de Thithe an Oireachtais.
Sa chás gur mó an luach saothair a fhaigheann tú ná uasmhéid tuarastail (gnáthscála, ÁSPC Rang B) an Ardoifigigh Feidhmiúcháin sa Státseirbhís, ní mór duit geallúint a thabhairt nach dtabharfaidh tú faoi aon cheird, gairm nó slí bheatha eile a gceapfaí ar bhonn réasúnach go bhféadfadh sé cur isteach ar ról Chomhairleora Speisialta nó teacht salach air.
Gheofar tuilleadh eolais sonraithe maidir le do chuid dualgais faoi na hAchtanna Eitice sna foilseacháin seo a leanas: