- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Oifigeach rochtana
- Aonaid Chuntasaíochta
- Oifigigh Iomchuí na bPáirtithe Polaitiúla
- An tArd-Aighne
- Iarrthóirí
- Státseirbhísigh
- Gníomhairí Toghcháin
- Grúpaí Stocaireachta / Feachtaisíochta
- Comhaltaí Bord na gComhlachtaí Stáit
- Comhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa (MEPanna)
- Gníomhaire Náisiúnta
- Sealbhóirí Oifige
- Leathanach d'Fhoilsitheoirí
- Seirbhísigh Poiblí
- Ceannairí Parlaiminte na bPáirtithe Polaitiúla Incháilithe
- Comhairleoirí Speisialta
- Comhaltaí Thithe an Oireachtais
- Triú Páirtithe
- Foirmeacha
Ceannairí Parlaiminte na bPáirtithe Polaitiúla Incháilithe
Foráiltear faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2001 (an tAcht) do liúntas bliantúil a íoc le ceannairí parlaiminte na bpáirtithe polaitiúla incháilithe i ndáil le costais a eascraíonn ó obair pharlaiminte, lena n-áirítear taighde, an pháirtí. Is ionann páirtí polaitiúil incháilithe agus páirtí polaitiúil atá cláraithe agus ar toghadh comhalta de chun na Dála nó ar toghadh nó ar ainmníodh comhalta de chun an tSeanaid ag an toghchán ginearálta deireanach nó ag fo-thoghcháin ó shin.
Bunaítear an tsuim atá iníoctha ar ionadaíocht an pháirtí i nDáil Éireann agus / nó i Seanad Éireann. Sa chás go mbíonn páirt ag an bpáirtí sa Rialtas, laghdaítear an liúntas atá iníoctha i ngeall leis na comhaltaí atá ag an bpáirtí sa Dáil.
Leagtar amach san Acht an obair pharlaiminte a gceadaítear an liúntas a chaitheamh ina leith. Níl an liúntas le caitheamh chun críche toghcháin ná reifrinn.
Tá dlite ar cheannaire parlaiminte an pháirtí ráiteas a ullmhú, nó a chur faoi deara go n-ullmhaítear ráiteas, gach bliain ina léirítear an chaoi inar caitheadh an liúntas a bhí ar fáil sa bhliain roimhe sin. Ní mór sonraí a bheith ar fáil sa ráiteas ar an gcaiteachas faoi na ceannteidil sonracha a leagtar amach san Acht. Ní mór go ndéanfadh iniúchóir poiblí iniúchóireacht ar an ráiteas agus ní mór an ráiteas mar aon le tuarascáil an iniúchóra a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán taobh istigh de 120 lá ó cheann na bliana airgeadais ar íocaíodh an liúntas ina leith (faoin 30 Aibreán go hiondúil). (Foráiltear faoin Acht, ina dhiaidh sin féin, gur féidir síneadh a chur leis an tréimhse 120 lá is ionann agus aon tréimhse dá mbíonn an Dáil lánscortha.) D’fhéadfadh go gcuirfí íoc an liúntais ar fionraí de bharr teip an ráiteas agus tuarascáil iniúchóra a chur ar fáil taobh istigh den tréimhse a dhlitear.
Déanann Coimisiún na gCaighdeán gach ráiteas agus tuarascáil iniúchóra a chuirtear ar fáil dó a mheas agus, sa chás gur gá, téitear i gcomhairle le ceannaire an pháirtí maidir le haon ní sa ráiteas.
Tá dlite ar Choimisiún na gCaighdeán tuarascáil a chur ar fáil don Aire Airgeadais ina léirítear má fuarthas na ráitis agus tuarascálach na n-iniúchóirí taobh istigh den tréimhse a shonraítear. Ní mór a léiriú sa tuarascáil sin chomh maith má nochtaíodh aon chaiteachas neamhúdaraithe agus más ráitis leordhóthanacha nó ráitis neamhoiriúnacha a cuireadh ar fáil.
Leagann Coimisiún na gCaighdeán cóip dá thuarascáil don Aire Airgeadais os comhair an dá Theach de Thithe an Oireachtais. Coimeádann Coimisiún na gCaighdeán cóip de na ráitis agus de thuairiscí na n-iniúchóirí go ceann trí bliana agus bíonn siad ar fáil chun críche a scrúdú agus a gcóipeáil ag an bpobal.