Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Aonaid Chuntasaíochta

Tugtar de shainmhíniú ar Aonad Cuntasaíochta san Acht Toghcháin 1997, arna leasú, (an tAcht) brainse nó fo-eagras eile de pháirtí polaitiúil a fhaigheann síntiús in aon bhliain faoi leith dar luach suim is mó ná €126.97.

Ciallaíonn “fo-eagras” de pháirtí polaitiúil comhlacht nó comhlachas:
a) atá ina chuid de pháirtí polaitiúil, nó
b) a bhunaítear de réir nó faoi bhunreacht pháirtí polaitiúil, nó
c) atá le fírinne faoi stiúir ag páirtí polaitiúil nó ag oifigigh dá chuid, nó
d) a leagtar feidhmeanna air de réir nó faoi bhunreacht pháirtí polaitiúil.

Tugtar de shainmhíniú ar shíntiús san Acht, cion tairbhe chun críche polaitiúil ar a n-áireofaí airgead, maoin talún, earraí nó úsáid earraí, maoin talún nó seirbhísí in aisce nó faoi bhun an chostais. Áirítear chomh maith luach glan an chion tairbhe a dhéanfaí i gcás imeachtaí chruinniú ciste.

Ní mór don Oifigeach Iomchuí i bpáirtí polaitiúil ainm agus seoladh gach Aonad Cuntasaíochta de chuid an pháirtí a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán) gach bliain. Ní mór don Oifigeach Iomchuí ainm an “duine freagrach” i ngach Aonad Cuntasaíochta a chur in iúl do Choimisiún na gCaighdeán chomh maith. Tugtar de shainmhíniú ar an duine freagrach in Aonad Cuntasaíochta san Acht, an cisteoir nó aon duine eile atá freagrach as déileáil le síntiúis a thugtar don aonad.

Dlitear ar Aonad Cuntasaíochta a fhaigheann síntiús airgid is móná €126.97 cuntas do shíntiúis pholaitiúla a oscailt agus a choinneáil. Sa chás go ndlitear ar Aonad Cuntasaíochta cuntas do shíntiúis pholaitiúla a oscailt, ní mór don duine freagrach tuairisceán a dhéanamh le Coimisiún na gCaighdeán i leith an chuntais gach bliain.

Tá toirmeasctha ar Aonaid Chuntasaíochta glacadh le síntiúis gan ainm leo (dar luach suim is mó ná €126.97) nó glacadh le “síntiúis ó thíortha iasachta” nó síntiúis is airde ná an teorainn ordaithe (€6,348.69 don pháirtí polaitiúil ón duine amháin san aon bhliain amháin).

Tá breis eolais maidir leis na dualgaisí a bhaineann le hAonaid Chuntasaíochta faoin Acht ar fáil i bhfoilseachán de chuid Choimisiún na gCaighdeán: “Treoirlínte do Pháirtithe Polaitiúla i ndáil leis na bearta is gá a dhéanamh maidir le síntiúis agus síntiúis thoirmeasctha”.



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|