- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Oifigeach rochtana
- Aonaid Chuntasaíochta
- Oifigigh Iomchuí na bPáirtithe Polaitiúla
- An tArd-Aighne
- Iarrthóirí
- Státseirbhísigh
- Gníomhairí Toghcháin
- Grúpaí Stocaireachta / Feachtaisíochta
- Comhaltaí Bord na gComhlachtaí Stáit
- Comhaltaí de chuid Pharlaimint na hEorpa (MEPanna)
- Gníomhaire Náisiúnta
- Sealbhóirí Oifige
- Leathanach d'Fhoilsitheoirí
- Seirbhísigh Poiblí
- Ceannairí Parlaiminte na bPáirtithe Polaitiúla Incháilithe
- Comhairleoirí Speisialta
- Comhaltaí Thithe an Oireachtais
- Triú Páirtithe
- Foirmeacha
An tArd-Aighne
I do Ard-Aighne duit, ní mór duit teacht lena n-éilítear san Acht um Eitic in OifigíPoiblí 1995 (Acht na bliana 1995) agus san Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 (Acht na bliana 2001).
Tá a bhfuil thíos ina dhiaidh seo i gceist murar comhalta de Dháil Éireann ná de Sheanad Éireann tú. Sa chás gur comhalta de cheachtar den dá Theach atá ionat ba cheart duit féachaint ar leathanach na Sealbhóirí Oifige.
I d’Ard-Aighne duit, tá dlite ort, gach bliain a mbíonn nó a raibh tú san oifig sin lena linn, ráiteas i scríbhinn faoi do chuid leasa inchláraithe a ullmhú agus a chur ar fáil don Taoiseach agus don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán), i bhfoirm a shocraíonn an tAire Airgeadais. Tá an foirm ar fáil ar shuíomh idirlín an Roinn Airgeadais. Tá breis eolas faoi nochtadh leasanna ar fáil i gCuid 7 de na treoirlínte do sheirbhísigh phoiblí atá foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeaín.
Sa chás go bhfuil feidhm de chuid oifig an Ard-Aighne le déanamh agus fios dáiríre agat go bhfuil leas ábharach agat féin, nó ag duine a bhfuil baint aige / aici leat in ábhar lena mbaineann an fheidhm, ní mór duit, roimh dhéanamh na feidhme nó a luaithe is féidir ina dhiaidh, ráiteas i scríbhinn faoi shonraí an cháis agus faoi chineál an leasa a ullmhú agus a chur ar fáil don Taoiseach agus do Choimisiún na gCaighdeán. Tá sin dlite ort sa chás gur nochtaíodh an leas i ráiteas bhliantúil mar a dtagraítear dó thuas nó sa chás nár nochtaíodh. Tá míniú ar cad is bri leis na tearmaí "duine bainteach" agus "leas ábartha" ar fáil i gCuid 8 (Mínithe) de na treoirlínte do sheirbhísigh phoiblí.
Tá dualgais ort chomh maith maidir le himréiteach cánach. Leagtar amach iad sin thíos agus baineann siad le duine a ceapadh ina Ard-Aighne tar éis an 10 Nollaig 2001.
Ní mór duit na cáipéisí seo a leanas a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán, tráth nach deireanaí ná naoi mítar éis dháta an cheapacháin:
- Deimhniú Imréitigh Cánach (ní mór gur Deimhniú Imréitigh Cánach é a d’eisigh an Príomhbhailitheoir Cánach taobh istigh de thréimhse naoi mí roimh nó tar éis dháta an cheapacháin), nó
- Ráiteas Iarratais a d’eisigh an Príomhbhailitheoir Cánach, tar éis d’iarratas theacht, mar gheall ar iarratas a bheith déanta ag an duine sin ar Dheimhniú Imréitigh Cánach agus á rá nach bhfuil cinneadh déanta mar gheall ar an iarratas go fóill (ní mór gur Ráiteas Iarratais é a eisíodh chuig an duine taobh istigh de thréimhse naoi mí roimh nó tar éis dháta an cheapacháin) agus
- Dearbhú Reachtúil, ar dearbhú é a rinne an duine ceaptha de réir an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938, arna leasú, arna dhearbhú go bhfuil, ag tráth a dhéanta, an duine ceaptha, chomh fada agus is eol nó is dóigh leis nó léi, ag comhlíonadh na ndualgas a leagtar air nó uirthi faoi na hAchtanna Cánach agus nach eol dó nó di aon ní a chuirfeadh bac ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a eisiúint (ní mór don duine an Dearbhú Reachtúil a dhéanamh taobh istigh de thréimhse aon mhí amháin roimh nó tar éis dháta an cheapacháin).
Tá tuilleadh sonraí maidir le himréiteach cánach ar fáil i gCuid 6 de na treoirlínte do sheirbhísigh phoiblí agus tá an dearbhú reachtúil cuí ar fáil faoi "foirmeacha" ar an tsuíomh idirlín seo.
D’fhéadfadh gur mhian leat na foilseacháin seo a leanas a cheadú chomh maith: