- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Sealbhóirí Oifige
- TDs
- Seanadóirí
- Státseirbhísigh
- Seirbhísigh Phoiblí
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Státseirbhísigh
Coimriú ar phríomhghnéithe an Chóid
- Caithfidh státseirbhísigh bheith cothrom agus iad i mbun a gcuid dualgas. [Mír 4]
- Ní ceadaithe do státseirbhísigh dul san iomaíocht in olltoghcháin nó i dtoghcháin Eorpacha. Ach státseirbhísigh sna gráid cheirde agus sna gráid a bhaineann le tionsclaíocht stáit, is féidir leo páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta agus seasamh i dtoghcháin áitiúla. [Mír 5]
- Caithfidh státseirbhísigh bheith umhal do shrianta an dlí. [Mír 6]
- Faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003, ta ceart de réir dlí ag baill den phobal faisnéis a fháil atá ag ranna Rialtais agus ag comhlachtaí poiblí eile. Ach tá ceanglas buan i gcónaí faoin Acht um Rúin Oifigiúla 1963 ar státseirbhísigh gan aon fhaisnéis a fuair siad i rith a gcuid oibre a nochtadh go míchuí. [Mír 7]
- Caithfidh státseirbhísigh cloí le hardchaighdeáin seirbhíse i gcónaí agus iad ag déileáil leis an bpobal. [Mír 8]
- Má chiontaítear státseirbhíseach as cion coiriúil, nó má thugtar sochar an Achta Promhaidh dó/di ar a c(h)úiseamh as cion coiriúil, caithfidh sé/sí an scéal a thuairisciú dá (h)Oifigeach Pearsanra. [Mír 9]
- Ní foláir do státseirbhísigh tinreamh a dhéanamh ar a gcuid oibre mar is gá agus cloí le téarmaí na rialachán um shaoire bhreoiteachta. [Mír 10]
- Is cóir do státseirbhísigh aire chuí a thabhairt d’acmhainní an Stáit chun a chinntiú go mbaintear úsáid cheart, éifeachtach, éifeachtúil as airgead poiblí. [Mír 11]
- Is cóir go mbeadh meas cuí ag státseirbhísigh ar a gcomhghleacaithe, agus a n-ábhair chreidimh agus a luachanna san áireamh. [Mír 12]
- Ní ceadaithe do státseirbhísigh a bpoist oifigiúla a úsáid chun a leas féin nó chun leas daoine eile a bhfuil ceangail phearsanta nó ghnó acu leo. Tá toirmeasc freisin ar státseirbhísigh féachaint le tionchar a imirt ar chinntí a bhaineann lena bpoist oifigiúla ach amháin trí na gnáthaimh bhunaithe. [Mír 13]
- Ní ceadaithe do státseirbhísigh dul i mbun gnó nó gníomhaíocht sheachtrach a bheadh contrártha ar bhealach ar bith le leasanna a Ranna/n-Oifigí. [Mír 14]
- Státseirbhísigh atá i bpoist atá “sainithe” chun críocha na nAchtanna um Eitic in Oifig Phoiblí, tá oibleagáidí reachtúla orthu maidir le leasanna a nochtadh. Tá na hoibleagáidí seo de bhreis ar aon oibleagáidí atá leagtha síos sa Chód. [Mír 15]
- Ní cóir go bhfaigheadh státseirbhísigh sochair de chineál ar bith ó thríú páirtí a d'fhéadfadh amhras réasúnta a tharraingt ar a gcumas breithiúnais nó ar a nionrachas pearsanta. Ní foláir do Ranna rialacha an Chóid a chur i bhfeidhm maidir le bronntanais a ghlacadh, nó rialacha áitiúla a dhéanamh a dhíorthaítear ó na rialacha sin. [Mír 16]
- Baineann an prionsabal céanna leis an scéal maidir le flaithiúlacht a ghlacadh. Laistigh de chreatlach ginearálta na dtreoirlínte atá sa Chód, caithfear gach cúram a dhéanamh lena chinntiú (a) má ghlactar flaithiúlacht de chineál ar bith, nach n-imrítear aon tionchar ar an gcaoi a gcomhlíontar dualgais oifigiúla, agus nach amhlaidh a shamhlaítear [Mír 17], agus (b) go bhfuil caighdeáin shoiléire chuí i bhfeidhm agus iad curtha in iúl don fhoireann go léir maidir le híocaíocht as obair ar son cuideachtaí seachtracha. [Mír 18]
- Ní ceadaithe do státseirbhísigh conarthaí a lorg le ranna nó le hoifigí rialtais chun earraí nó seirbhísí a sholáthar ar mhaithe lena leas féin nó ar mhaithe le cuideachta ar bith lena bhféadfadh baint a bheith acu ar bhonn pearsanta. [Mír 19]
- Ní ghlacfaidh státseirbhísigh, faoi cheann dhá mhí dhéag ón tráth a n-éiríonn siad as nó a scoireann siad as an Státseirbhís le ceapachán, nó le tionscadal sainchomhairliúcháin áirithe, sa chás go bhféadfadh coimhlint leasa teacht de thoradh chineál agus théarmaí ceapachán den sórt sin nó go bhfeicfí do dhaoine go mbeadh coimhlint leasa i gceist, gan ceadú Bhord na gCeapachán Lasmuigh nó an Ard-Rúnaí nó an Cheannasaí Oifige de réir mar is cuí, a fháil ar dtús. Lena chois sin, státseirbhísigh atá i bpoist atá “sainithe” chun críocha na nAchtanna um Eitic in Oifig Phoiblí, caithfidh siad cead Bhord na gCeapachán Seachtrach nó cead an Ard-Rúnaí nó an Cheann Oifige faoi mar is cuí a fháil laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag ó éirí as nó ó scor dóibh sula nglacann siad le haon cheapachán seachtrach. [Míreanna 20 agus 21]
Gluais de théarmaí speisialta sa téacs
ábharach relevant
Acht Promhaidh Probation Act
aetas ethos
aighneacht representations
ainmnitheach nominee
ceanglas requirement
ceannachán purchase (item bought)
cineachadh to devolve
comaoin consideration
comhairleacht consultancy
cómhalartaíoch reciprocal
comhtháite integrated
cothabháil subsistence
cuíthofa duly elected
dearbhán voucher
díolúine exemption
díorthaigh derive
díotáil indictment
dliteanas liability
dócmhainneacht insolvency
eadráin arbitration
easaontacht leasa conflict of interest
éillitheach corrupt
féimheacht bankruptcy
flaithiúlacht hospitality
friotal wording
gnáthamh procedure
iarbhír actual
idirbheartaíocht negotiation
íogaireacht sensitivity
ionchas expectation
lámhaltas concession
príomhaí principal (in business deal)
sainigh specify
sannadh assign
sochar comhchineáil benefit in kind
socrú engagement (business)
tionacht tenure
toirmeasc prohibition
tuillteanais merits
1 (3) Déanfaidh an tAire ó am go ham cóid iompair a tharraingt suas chun treoir a thabhairt do dhaoine atá i seilbh stiúrthóireachtaí nó post fostaíochta, nó ag a bhfuil stiúrthóireachtaí nó poist fostaíochta, i gcomhlachtaí poiblí ach sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le cibé daoine a bheidh ionadaitheach do na daoine sin a mheasfaidh sé nó sí is cuí.
2 I gciorcláin na Roinne Airgeadais roimhe seo, um chúrsaí polaitíochta, tá téarmaí mar “ political matters”, “ matters of current political interest”, “ political action or position”, “ political issues” agus “ political activity”. Chun críocha an doiciméid seo úsáidtear an téarma “cúrsaí polaitíochta” chun na téarmaí seo go léir a chuimsiú.
3 Tá Seirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse ar fáil chun cuidiú le baill foirne fadhbanna pearsanta a láimhseáil, a d’fhéadfadh cur isteach ar a bhfeidhmíocht oibre agu/nó ar a dtinreamh agus ar cháil a saoil, mura dtabharfaí aghaidh orthu mar fhadhbanna.
4 Is ceadaithe úsáid “de minimis”d’acmhainní roinne .i. úsáid nach gcuireann aon chostas iarbhír ar an Stát, nó costas atá chomh beag sin nach fiú faic é.