Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Státseirbhísigh

17. Flaithiúlacht

17.1 Tá sé dodhéanta rialacha cinnte a leagan síos a riarfaidh ar gach cás maidir le flaithiúlacht a ghlacadh. Is é an cúram dosháraithe ná go mbeidh státseirbhísigh saor ó amhras agus iad i mbun a ndualgais oifigiúla agus nach gcothóidh siad aon easaontacht leasa go hiarbhír nó go féideartha, agus go mbeidh a ndéileálacha le leasanna tráchtála agus eile in ann an scrúdú is déine a sheasamh. Glactar leis nach cóir státseirbhísigh a chur sa riocht mar nach féidir leo glacadh le rudaí a áirítear mar ghnáthchúirtéisí i gcúrsaí gnó. Ach, ina gcuid teagmhálacha le heagraíochtaí agus daoine seachtracha, caithfear gach cúram a dhéanamh nach imreofar tionchar orthu as flaithiúlacht a ghlacadh, agus caithfear bheith in ann a mheas go réasúnta nár imir sé tionchar orthu agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna oifigiúla.

17.2 Cuireann na treoirlínte ginearálta seo a leanas creatlach ar fáil ar féidir laistigh díobh cinntí a dhéanamh nó rialacha áitiúla a fhoirmiú maidir leis na cúrsaí seo. Is féidir le Ranna/Oifigí na rialacha seo um fhlaithiúlacht a fheidhmiú nó rialacha áitiúla a dhíorthaítear uathu a dhéanamh.

  • I gcás gach tairiscint flaithiúlachta ó leasanna tráchtála a bhfuil caidreamh conarthach acu, nó a bhféadfadh caidreamh conarthach a bheith acu, le Roinn/Oifig an státseirbhísigh dá ndearnadh an tairiscint, caithfidh an státseirbhíseach an tairiscint sin a thuairisciú dá b(h)ainisteoir le haghaidh treorach.
  • De ghnáth ní bheadh aon chur i gcoinne glacadh le rud a áirítear mar ghnáthfhlaithiúlacht, mar shampla, lón gnó. Ach braithfidh cad is “gnáthrud” ann ar roinnt fachtóirí, leithéidí luach na flaithiúlachta, minicíocht na dtairiscintí, gné chómhalartaíochta más ann dó, agus na toscaí ginearalta a bhaineann leis an tairiscint (mar shampla, an tairiscint í ó chuideachta dá custaiméirí go leir nó an bhfuil sí dírithe ar chustaiméirí áirithe nó féideartha). Tá cineálacha flaithiúlachta nár chóir a áireamh mar rud gnách (mar shampla, má bhíonn taisteal thar lear i gceist, nó saoire deireadh seachtaine). Is cóir i gcónaí a leithéidí seo a chur faoi bhráid lucht ceannais an státseirbhísigh le haghaidh treorach. Moltar do Chinn Ranna/Oifigí treoirlínte a eisiúint dá bhfoireann féin maidir le tairiscintí flaithiúlacht a thugtar go coitianta do bhaill fhoirne ina Ranna/Oifigí.
  • Ní cóir do státseirbhísigh tairiscintí flaithiúlachta a ghlacadh a théann thar na gnáthchleachtais a luaitear thuas, ach amháin nuair is soiléir go mbeadh sin chun leas na Roinne/hOifige agus go bhfuil sé ceadaithe ag bainisteoir an státseirbhísigh.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|