Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Státseirbhísigh

7. Nochtadh Faisnéise

7.1 Is cóir do gach státseirbhíseach a chinntiú go ndéileálann sé/sí le ceisteanna ón bpobal ar bhealach oscailte cuiditheach. Faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 (Achtanna SF nó FOI), tá ceart dlíthiúil ag baill den phobal rochtain ar fhaisnéis atá ag Ranna/Oifigí Rialtais agus ag comhlachtaí poiblí eile, faoi réir díolúiní áirithe atá sainithe sna hAchtanna SF. Ag eascairt as na hAchtanna SF, tá sainfhreagracht ar oifigigh áirithe chun faisnéis a sholáthar do bhaill an phobail ar bhonn iarratais faoi na hAchtanna FOI. Is cóir do státseirbhísigh cúram speisialta a dhéanamh de go bhfuil siad ar an eolas faoi na gnáthaimh SF a bhaineann lena Ranna/Oifigí féin.

7.2 Is cóir aire faoi leith a thabhairt, faisnéis a choinneáil slán a bhaineann le gnóthaí príobháideacha baill den phobal nó le gnóthaí tráchtála cuideachtaí nó eagraíochtaí a cuireadh isteach i dtaca le gnóthaí oifigiúla, ar an gcoinníoll, nó ar an dealramh réasúnta, go gcoimeádfaí í faoi rún. Sna hAchtanna SF aithnítear a thábhachtaí is atá sé faisnéis den chineál seo a chosaint sa ghnáthchúrsa óna rochtain ag tríú páirtithe. Nuair atá faisnéis phearsanta, thrachtála nó rúnda ann a mbaineann íogaireacht ar leith léi, agus go bhfuiltear á mheas an cóir í a scaoileadh ar mhaithe le leas an phobail, leagann na hAchtanna SF roinnt bearta síos chun a chinntiú go dtugtar cosaint iomlán do chearta an duine/na ndaoine atá i gceist.

7.3 Is riachtanas buan é den Acht um Rúin Oifigiúla 1963 go ndéanfaidh gach státseirbhíseach, agus iad sin atá ar pinsean nó ar sos gairme san áireamh, gan aon fhaisnéis a fuair siad i rith a gcuid oibre oifigiúla a nochtadh go míchuí. Mar shampla, is dócha go mba nochtadh míchuí faisnéise é, dá ndéanfadh duine faisnéis a nochtadh nuair nach raibh freagracht air/uirthi faisnéis a sholáthar faoi réir na nAchtanna SF, nó nuair nach raibh údarás acu ar bhonn eile.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|