- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Sealbhóirí Oifige
- TDs
- Seanadóirí
- Státseirbhísigh
- Seirbhísigh Phoiblí
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Státseirbhísigh
5. Státseirbhísigh agus cúrsaí polaitíochta
5.1 Tá srianta ann ó chianaibh ar státseirbhísigh maidir le páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta, chun muinín an phobail a chinntiú as cothroime pholaitiúil na Státseirbhíse. Sa mhír seo athdhearbhaítear na srianta reatha sin.
5.2 (a) Níl cead ag státseirbhísigh ainmniúchán a lorg nó dul san iomaíocht mar iarrthóir do cheachtar Teach den Oireachtas nó do Pharlaimint na hEorpa. Baineann an cosc seo le gach catagóir foirne. Ní féidir le státseirbhísigh os cionn an leibhéil chléireachais suíochán a lorg i dtoghchán áitiúil.
(b) Státseirbhísigh sna gráid cheirde agus sna gráid a bhaineann le tionsclaíocht stáit, is féidir leo páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta2 agus seasamh i dtoghchán áitiúil. Baineann an cosc ginearálta leo maidir le toghchán do cheachtar Teach den Oireachtas nó do Pharlaimint na hEorpa.
(c) Baill de na gráid chléireachais sa Státseirbhís agus státseirbhísigh i ngráidneamhthionsclaíocha le huasmhéideanna tuarastail cothrom le huasmhéid tuarastail Oifigigh Chléireachais nó níos ísle, is féidir leo cead a lorg óna Roinn/nOifig chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta ar an mbonn céanna leis an bhfoireann ag (b). Ar dhiscréid bhainistíocht roinne, is féidir cead a dhiúltú i gcás oifigigh atá fostaithe le haghaidh cineálacha áirithe oibre. I gcásanna inar dual diúltú, ba chóir do Ranna/Oifigí féachaint an bhféadfaí an t-oifigeach a aistriú go hionad nach mbeadh chomh goilliúnach.
(d) Tá coisc iomlán ar státseirbhísigh ar leibhéal níos airde ná oifigeach cléireachais páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta de chineál ar bith.
5.3 Státseirbhísigh i gcatagóir (d), ní féidir leo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht phoiblí (m.sh. litreacha a scríobh chun na nuachtán, páirt a ghlacadh i gcláir teilifíse nó raidió, srl.), ach amháin más gá dóibh é mar chuid dá ndualgais oifigiúla. Níl i gceist anseo an cleachtas reatha a athrú. Ní féidir le státseirbhísigh i gcatagóir (c) páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí ar cheisteanna polaitíochta ach amháin le cead roimh ré óna Roinn/n-Oifig. Ní chuireann na forálacha seo cosc ar státseirbhísigh ábhar ar chúrsaí poiblí a fhoilsiú faoi réir reachta, nó nuair atá sé údaraithe ag an Roinn/Oifig.
5.4 Ní bhaineanna na forálacha i bParagraif 5.1 agus 5.2 le poist Preas-Rúnaí don Rialtas, Leas-Phreas-Rúnaí don Rialtas, Preas-Rúnaí Cúnta don Rialtas, nó leis an bhfoireann go léir in Oifigí Príobháideacha Airí agus an Ard-Aighne, a bhfuil poist shealadacha neamhbhunaithe acu, agus tionacht na bpost sin acu ar comhfhad le tionacht na nAirí/Ard-Aighne sin (m.sh. cúntóirí pearsanta, comhairleoirí speisialta, rúnaithe pearsanta in oifigí Airí agus tiománaithe sibhialta Airí Stáit).