Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Cóid Iompair

Forálann Alt 10 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Rialtais 2001 do thabhairt isteach Cóid Iompair a leagfaidh amach caighdeáin iompair agus sláine a bhítear ag súil ó dhaoine lena mbaineann siad agus iad i mbun a gcuid dualgas oifigiúil.

Tá Coimisiún na gCaighdeán freagrach as na Cóid Iompair a fhoilsiú agus a scaipeadh. Páirtithe eile a dhréachtann na Cóid féin, tar éis dul i gcomhairle le Coimisiún na gCaighdeán.

Coistí cuí a dhréachtaigh na Cóid Iompair do Chomhaltaí de Dháil Éireann agus do Chomhaltaí de Sheanad Éireann maidir le Leasanna Comhaltaí agus is é an Rialtas a dhréachtaigh an Cód Iompair do Shealbhóirí Oifige. D'eisigh an tAire Airgeadais Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse trí chiorclán (26/04) Tá cód iompair do stiúrthóirí ainmnithe agus do shealbhóirí poist shainithe sa tSeirbhís Phoiblí i gCoitinne á n-ullmhú faoi láthair.



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|